Cuirigí cúpla scraiste os a choinne a dhéanfaidh é a chúiseamh mar seo: ‘Mhallaigh tú Dia agus an rí.’ Tugaigí amach ansin é agus maraigí le clocha é.”
1 Ríthe 21:9 - An Bíobla Naofa 1981 Scríobh sí sna litreacha: “Fógraigí troscadh agus cuirigí Nábót chun tosaigh ar an bpobal. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do scríobh sí annsna litreachaibh, gha rádh, Fógruidh trosgadh, agus cuiridh Nábot na shuidhe go hárd a measg an phobail: |
Cuirigí cúpla scraiste os a choinne a dhéanfaidh é a chúiseamh mar seo: ‘Mhallaigh tú Dia agus an rí.’ Tugaigí amach ansin é agus maraigí le clocha é.”
Scríobh sí litreacha in ainm Acháb, más ea, agus chuir sí a shéala orthu agus chuir sí iad chuig na seanóirí agus na huaisle a bhí ina gcónaí san aon chathair le Nábót.
Déanann sibh troscadh agus sibh ag bruíon agus ag troid agus ag bualadh dorn ar a chéile le binb. Troscadh mar atá ar siúl agaibh faoi láthair, ní hé a leithéid a gheobhaidh éisteacht thuas do bhur nglór.
Chuir sé go Beithil iad ansin agus dúirt: “Imígí agus cuirigí fiafraí ghéar ar an leanbh. Nuair a bhíonn sé faighte agaibh, cuirigí scéala chugam chun go rachainn féin ann ag déanamh ómóis dó.”
“Is mairg daoibhse, a scríobhaithe agus a Fhairisíneacha bréagchráifeacha, mar go ndúnann sibh ríocht na bhflaitheas in éadan na ndaoine; óir ní théann sibh féin isteach, agus iad seo a bhíonn ag dul isteach bacann sibh iad.
an dream a ídíonn tithe na mbaintreach, ar scáth bheith ag déanamh urnaithe fada. Is daoire an bhreith a gheobhaidh siad seo.”
Sheol siad Íosa ansin ó Cháiafas go dtí an Préatóiriam. Bhí sé moch ar maidin. Ní dheachaigh siad isteach sa Phréatóiriam ionas nach dtruailleofaí iad, ach go mba fhéidir dóibh an cháisc a ithe.