mar thógadarsan ardionaid dóibh féin, agus galláin, agus cuaillí naofa ar gach sliabh ard agus faoi gach crann craobhach.
1 Ríthe 20:23 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt searbhóntaí rí Arám leis: “Déithe sléibhte a ndéithe; sin é an fáth gur thréine iad ná sinne; cuirimis cath orthu sna hísleáin, agus is cinnte go mbuafaimid orthu. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhradar muinntir rígh na Síria ris, Is dée cnoc a ndee súd; uimesin do bhádar ní budh láidre ná sinne; achd troideam ríú annsa reiteach, agus go deimhin budh laídre sinne ná íad. |
mar thógadarsan ardionaid dóibh féin, agus galláin, agus cuaillí naofa ar gach sliabh ard agus faoi gach crann craobhach.
Ní mór duit déanamh mar seo: na ríthe go léir a chur óna gceannasaíocht agus ceannairí a chur ina n‑áit;
Tháinig giolla Dé i láthair agus dúirt le rí Iosrael: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘De bhrí go ndúirt Arám gur dia sléibhte é an Tiarna, agus nach dia ísleán, tabharfaidh mé an slua mór seo go léir i do láimh agus beidh a fhios [agat] gur mise an Tiarna.’ ”
“Féach!” arsa a shearbhóntaí leis, “chualamar gur ríthe trócaireacha iad ríthe theaghlach Iosrael. Cuirimis sacéadach faoinar gcoim agus téada ar ár gceann agus téimis amach go rí Iosrael; b'fhéidir go ndéanfadh sé anacal anama ort.”
Gózán, Hárán, Reizif, muintir Eidin a bhí i dTeil Asár - ar fuasclaíodh iadsan ag na déithe a bhí ag na ciníocha sin a scrios mo shinsir?
De dhéithe na dtíortha uile, cé acu a shábháil a dtír orm? Agus cén chaoi a bhfuil an Tiarna le Iarúsailéim a shábháil?”
Mise, arb é an Tiarna is ainm dom, ní ligfidh mé mo ghlóir le haon dia eile ná m'onóir leis na híola.
Ó a Thiarna, mo neart, mo dhaingean, mo chúl dídine i lá na hainnise! Tiocfaidh na náisiúin ó theorainn na talún agus déarfaidh siad: “Níor ghabh ár n‑aithreacha d'oidhreacht ach bréaga, díomhaoinis agus nithe gan tairbhe.
Is mairg dúinn! Cé a shaorfaidh sinn ó láimh an dé chumhachtaigh seo? Eisean an dia a bhuail na hÉigiptigh le gach sórt plá san fhásach!