“Go dtaga do chuid fola sa mhullach ort féin,” arsa Dáiví, “mar thug do bhéal féin fianaise i d'aghaidh, á rá: ‘Mharaigh mé fear ungtha an Tiarna.’ ”
1 Ríthe 2:37 - An Bíobla Naofa 1981 An lá a rachaidh tú amach agus gabháil thar Ghleann Chidreon, bíodh a fhios agat go cinnte go bhfaighidh tú bás; beidh do chuid fola ar do cheann féin.” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír is amhluidh bhías, an lá rachas tú amach, agus ghéubhus tú tar a nabhuinn Cídron anonn, bíodh a fhios agad go bhfuighe tú bás air gach éanchor: biáidh thfuil ar do cheann féin. |
“Go dtaga do chuid fola sa mhullach ort féin,” arsa Dáiví, “mar thug do bhéal féin fianaise i d'aghaidh, á rá: ‘Mharaigh mé fear ungtha an Tiarna.’ ”
Rinne an tuath go léir caoineadh agus olagón agus na daoine ag gabháil thar bráid. Sheas an rí i nGleann Chidreon agus mháirseáil na daoine go léir thairis i dtreo an fhásaigh.
Bhain sé dínit na ríonmháthar fiú dá mháthair mar go ndearna sí dealbh ghráiniúil de Aiséará. Ghearr Ásá an dealbh anuas agus dhóigh sé i nGleann Chidreon í.
“Déan mar a dúirt sé,” d'fhreagair an rí, “treascair é agus déan é a adhlacadh, agus glan díomsa agus de theaghlach m'athar an chiontacht ar son na fola a dhoirt Ióáb gan chúis.
Go bhfille a bhfuil sa mhullach ar Ióáb agus ar a shliocht go brách, ach go raibh síocháin ón Tiarna go brách ar Dháiví, ar a shliocht, ar a ríora, agus ar a ríchathaoir.”
“Tá go maith,” arsa Simeí leis an rí, “déanfaidh do shearbhónta mar a dúirt an rí.” Agus mhair Simeí tamall fada in Iarúsaileim.
Thug sé an tAiséará amach as Teampall an Tiarna, lasmuigh de Iarúsailéim, go Gleann Chidreon, agus dhóigh sé é i nGleann Chidreon, agus rinne luaithreach de agus chaith a chuid luaithrigh ar uaigheanna na cosmhuintire.
Chuaigh na sagairt isteach ar fad i dTeampall an Tiarna lena ghlanadh agus thug siad amach aon ní neamhghlan a fuair siad i sanctóir an Tiarna, go cúirt Theampall an Tiarna; thóg na Léivítigh ansin é agus thugadar leo amach é go Gleann Chidreon.
Agus an gleann frí chéile, gona chorpáin is a luaithreach, agus na goirt uile cois sruth Chidreon soir chomh fada le coirnéal Gheata na nEach, beidh sin coisricthe don Tiarna. Ní scriosfar arís é ná ní mhillfear arís é go deo.”
a thugann uaidh ar úsaireacht agus a ghlacann brabús; an mairfidh seisean? Go deimhin, ní mhairfidh. Tar éis dó na coireanna gránna seo a dhéanamh éagfaidh sé cinnte agus beidh a chuid fola air féin.
Uime sin: Aon duine a chuireann mallacht ar athair nó ar mháthair, cuirtear chun báis é; ó chuir sé mallacht ar a athair nó ar a mháthair, bíodh a fhuil ar a mhullach féin.
Ar rá na bhfocal sin dó chuaigh Íosa amach, mar aon lena dheisceabail, thar chaise Chidreon. Bhí gairdín ansiúd agus chuaigh sé isteach ann, é féin agus a dheisceabail.
Má théann aon duine thar thairseacha do thí amach sa tsráid, beidh a chuid fola sa mhullach air féin, ach beimidne neamhchiontach; ach má leagtar lámh ar aon duine a bheidh farat sa teach, beidh a chuid fola sa mhullach orainne.