Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




1 Ríthe 2:1 - An Bíobla Naofa 1981

Nuair a bhí Dáiví ag saothrú an bháis leag sé an cúram seo ar a mhac Solamh:

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Anois do dhruideadar láethe Dháibhi a bhfogus chor go bhfuigheádh sé bás; agus do chuir cúram ar a mhac Solamh, dha rádh,

Féach an chaibidil



1 Ríthe 2:1
15 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí an bás ag druidim le hIosrael, ghlaoigh sé chuige a mhac Iósaef agus dúirt sé leis: “Má fuair mé fabhar i do láthair, cuir, impím ort, do lámh faoi mo cheathrú agus geall go mbeidh tú go dílis fírinneach liom. Ná hadhlaic mé san Éigipt,


Agus nuair a bheidh deireadh le do ré, agus go n‑adhlacfar le do shinsir thú, cumhdóidh mé do shliocht i do dhiaidh, síol do choirp, agus daingneoidh mé a fhlaitheas.


Chuir Solamh rí fios air dá bhrí sin agus thugadar anuas ón altóir é. Agus tháinig sé agus rinne sé ómós do Sholamh rí. Dúirt Solamh leis: “Gabh abhaile.”


Chuir sé fios ar a mhac Solamh ansin agus leag de chúram air teach a thógáil don Tiarna Dia Iosrael.


ansin beir leat é i láthair Eileázár, an sagart, agus i láthair an chomhthionóil go léir, agus tabhair d'orduithe dó ina láthair.


Tabhair do threoracha do Iósua; tabhair misneach agus fuinneamh dó; óir eisean is ea a rachaidh sall ar cheann a phobail agus is é a thabharfaidh seilbh dóibh ar an tír ar a bhfaighidh tú radharc.’


Dúirt an Tiarna le Maois: “Féach, tá an t‑am ag druidim leat nuair a chaithfidh tú bás a fháil; glaoigh ar Iósua agus tagaigí i láthair i mBoth na Teagmhála go dtuga mé a threoracha dó.” Tháinig Maois agus Iósua i láthair i mBoth na Teagmhála.


Thug [an Tiarna] treoracha do Iósua mac Nún agus dúirt: “Bíodh neart ionat, agus misneach agat; óir tá tú le clann Iosrael a thabhairt isteach sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dóibh, agus beidh mé féin i do theannta.”


Seo í an bheannacht lenar bheannaigh Maois, giolla Dé, clann Iosrael roimh bhás dó.


Táim ag tabhairt an fholáirimh seo duit, a Thiomóid, a mhic, foláireamh atá ag teacht leis an bhfaisnéis a thug na fáithe ort fadó, le hionchas go gcuirfeá an cath go cróga dá réir sin.


I láthair Dé a thugann beatha don uile ní, agus i láthair Chríost Íosa a rinne a dhea-admháil féin chreidimh os comhair Phoint Pióláit, achtaím ort,


I bhfianaise Dé agus i bhfianaise Chríost Íosa atá chun breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh, achtaím ort dar a thaibhsiú agus dar a ríocht


I dtaca liom féin de, táim do mo dhoirteadh amach cheana féin mar a bheadh deoch íobartha agus tá uair na scarúna buailte liom.