Ansin chóirigh sé an connadh, rinne codanna den tarbh agus leag ar an gconnadh é.
1 Ríthe 18:34 - An Bíobla Naofa 1981 Ansin dúirt sé: “Líonaigí ceithre phróca d'uisce agus doirtigí ar an íobairt uileloiscthe agus ar an gconnadh é.” Rinne siad amhlaidh. Dúirt sé: “Déanaigí an dara huair é,” agus rinne. Dúirt sé: “Déanaigí an tríú huair é,” agus rinne. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt se, Déanuidh sin an dara húair. Agus do rinneadar sin an dara húair. Agus a dubhairt seision, Déanuidh an treas úair. Agus do rinneadar sin an treas uáir. |
Ansin chóirigh sé an connadh, rinne codanna den tarbh agus leag ar an gconnadh é.
Tá diúltaithe againn, áfach, do na nithe táire úd a dhéantar faoi choim. Ní ag cealgaireacht a thugaimidne ár saol ná ag camadh briathar Dé ach ag iarraidh dul i bhfeidhm ar gach coinsias daonna trí léirnochtadh na fírinne i bhfianaise Dé.
Mar is é ár n‑aidhm an rud ceart a dhéanamh ní amháin i bhfianaise an Tiarna ach i bhfianaise daoine chomh maith.