Rug Éilias ar an leanbh agus thug anuas é ón seomra uachtarach agus isteach sa teach agus thug sé dá mháthair é.
1 Ríthe 17:22 - An Bíobla Naofa 1981 Thug an Tiarna cluas d'urnaí Éilias agus tháinig an t‑anam isteach sa leanbh athuair agus bhí sé beo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do chúalaidh an TIGHEARNA guth Elias; agus tháinic anum an leinimh ann a rís, agus do aithbhéoghuidh sé. |
Rug Éilias ar an leanbh agus thug anuas é ón seomra uachtarach agus isteach sa teach agus thug sé dá mháthair é.
Tharla go raibh marbh á iompar chun a adhlactha, agus chonacthas díorma díobh siúd, agus caitheadh an marbh isteach i dtuama Eilíseá. A luaithe a bhain an fear marbh le cnámha Eilíseá, tháinig anam ann arís agus sheas sé ar a chosa.
Agus chuaigh sé anonn agus bhain leis an gcróchar, agus stad an lucht iompair. Agus dúirt sé: “A fhir óig, deirim leat, éirigh!”
Thug siadsan an buachaill leo agus é go beo beathach, agus sólás thar na bearta orthu.
Mar is chuige seo a fuair Críost bás agus a d'éirigh beo: chun go mbeadh tiarnas ar bheo agus ar mhairbh araon aige.
Féach anois, gur mise É, mise féin agus níl aon dia eile ann ach mé. Is mé údar an bháis agus údar na beatha Nuair a bhuailim, is mé a leigheasann (agus níl duine a dhéanfadh fuascailt as mo láimh).
Fuair mná áirithe a bhfir ar ais ó mhairbh trí aiséirí. Ní ghlacfadh cuid acu lena saoradh agus fuair siad bás agus iad á gcéasadh mar bhí súil acu go n‑aiséireoidís chun beatha níos fearr.
Ansin tar éis trí lá go leith chuaigh spiorad beatha ó Dhia isteach iontu, agus sheas siad ar a mbonna, agus ghabh scéin mhór a raibh ag faire orthu.
Tugann an Tiarna beatha agus bás. Seolann sé daoine síos go Seol agus iompraíonn daoine aníos;