Ach dúirt Éilias léi: “Ná bíodh eagla ort, imigh agus déan mar a dúirt tú, ach déan toirtín beag domsa as i dtús ama, agus tabhair chugam é, agus ina dhiaidh sin déan tuilleadh duit féin agus do do mhac.
1 Ríthe 17:14 - An Bíobla Naofa 1981 Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia Iosrael: ‘Ní bheidh an próca mine ídithe, ní bheidh an crúiscín ola folamh, nó go dtiocfaidh an lá a chuirfidh an Tiarna fearthainn ar aghaidh na talún.’ ” An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Oír marso a deir an TIGHEARNA Día Israel, Ní caithfighear bairille na mine, agus ní theisdeochuidh do chrúisgín na hola, go ttí an lá fá ccuirfidh an TIGHEARNA fearthuinn ar an ttalumh. |
Ach dúirt Éilias léi: “Ná bíodh eagla ort, imigh agus déan mar a dúirt tú, ach déan toirtín beag domsa as i dtús ama, agus tabhair chugam é, agus ina dhiaidh sin déan tuilleadh duit féin agus do do mhac.
D'imigh sí agus rinne mar a dúirt Éilias léi agus d'ith siad an bia, ise, eisean agus [a mac] ar feadh a lán laethanta.
Bí ag ól as an sruthán agus thug mé ordú do na fiacha bia a sholáthar duit ansin.”
agus dúirt sé: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘Déanfaidh mé díog ar dhíog den chom seo,’
Dúirt Eilíseá: “Éistigí le briathar an Tiarna; mar seo a deir an Tiarna: ‘Um an dtaca seo amárach, beidh tomhas den phlúr is míne á dhíol ar sheicil, agus dhá thomhas eorna ar sheicil, ag geata na Samáire.’ ”
D'éirigh sé agus chuaigh sé isteach sa teach. Dhoirt an t‑ógánach an ola ar a cheann á rá: “Seo mar a deir an Tiarna Dia Iosrael: ‘Déanaim thú a ungadh i do rí ar phobal an Tiarna, ar Iosrael.
tháinig bean ina láthair agus próicín alabastair d'ola chumhra mhórluachach aici, agus dhoirt sí ar a cheann í agus é ag bord.