An tríú lá tháinig (Iarobám agus) an pobal go léir go Rachabám, faoi mar a d'ordaigh an rí á rá: “Tagaigí chugam arís an treas lá.”
1 Ríthe 12:5 - An Bíobla Naofa 1981 Dúirt sé leo: “Imígí libh ar feadh trí lá, agus ansin tagaigí ar ais chugam.” Agus d'imigh na daoine leo. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus a dubhairt seision riú, Imthigh fós go ceann thrí lá, annsin tigidh a rís chugam. Agus do imthigheadar an pobal. |
An tríú lá tháinig (Iarobám agus) an pobal go léir go Rachabám, faoi mar a d'ordaigh an rí á rá: “Tagaigí chugam arís an treas lá.”
Ansin chuaigh Rachabám rí i gcomhairle leis na seanóirí a bhí ag déanamh seirbhíse dá athair Solamh fad a mhair sé. “Cén freagra,” ar sé, “ar chóir dom dar libh a thabhairt don mhuintir seo?”