1 Ríthe 11:40 - An Bíobla Naofa 1981 Rinne Solamh iarracht ar Iarobám a mharú, ach d'éalaigh seisean leis agus theith chun na hÉigipte go Síseac rí na hÉigipte, agus d'fhan sé san Éigipt go bhfuair Solamh bás. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do bhí Solumh ar a nadhbhar sin ag iarruidh Ieroboam do mharbhadh. Agus déirigh Ieroboam, agus do theith sé don Négipt go Sírac rígh na Hégipte, agus do bhi sé san Négipt go bás Sholuimh. |
Chuaigh Rachabám go Seicim mar go raibh Iosrael go léir imithe go Seicim chun é a fhógairt ina rí,
Nuair a chuala Iarobám mac Nabát an scéal - bhí sé san Éigipt mar ar theith sé ó Sholamh rí - d'fhill sé ón Éigipt.
Chuir an físí fearg ar Ásá agus chuir an rí i ngeimhle i gcarcair é le barr feirge leis dá bharrsan; san am céanna thosaigh Ásá ar chos ar bolg a imirt ar chuid den phobal freisin.
Foilsím ón tús an deireadh a bheidh ann, foilsím riamh anall rudaí nár cuireadh i gcrích go fóill! Deirim: Déanfar mar a bheartaím agus gach is áil liom cuirfidh mé i gcrích.
Ach chaith Sól urchar dá shleá leis lena leagan ar lár; thuig Iónátán ansin go raibh sé beartaithe ag a athair Dáiví a chur chun báis.