Seanfhear anonn go maith sna blianta ab ea Dáiví rí agus cé gur chuireadar breis brat air níorbh fhéidir dó é féin a théamh.
1 Ríthe 1:15 - An Bíobla Naofa 1981 Isteach le Baitseaba go dtí an rí mar a raibh sé ina sheomra (bhí an rí an-aosta agus bhí Aibíseag ó Shiúnaem ag freastal air). An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) ¶ Agus do chuáidh Bat‐séba a steach chum an rígh don tseómra: agus do bhí an rígh ro fhoirfe; agus do bhí Abisag an Sunamiteach ag miniostralachd don rígh. |
Seanfhear anonn go maith sna blianta ab ea Dáiví rí agus cé gur chuireadar breis brat air níorbh fhéidir dó é féin a théamh.
Agus fad a bheidh tú ag caint leis an rí, tiocfaidh mise isteach i do dhiaidh agus tabharfaidh mé tacaíocht do do chaint.”
Chrom Baitseaba chun talún ag déanamh ómóis don rí, agus dúirt an rí: “Céard is mian leat?”
Rinne siad ógbhean sciamhach a chuardach ar fud críocha Iosrael agus fuair siad Aibíseag ó Shiúnaem agus thug siad chun an rí í.