Guí Sholaimh1 A Dhia ár n‑aithreacha agus a Thiarna na trócaire, a rinne gach ní le do bhriathar, 2 agus a dhealbhaigh an duine le barr eagna, chun go mbeadh tiarnas aige ar ar chruthaigh tú, 3 agus go rialódh sé an chruinne le naofacht agus le fíréantacht, agus go mbainfeadh sé feidhm as a údarás le hintinn dhíreach, 4 tabhair dom an eagna sin a bhíonn ina suí le hais do ríchathaoireach; ná diúltaigh áit a thabhairt dom i measc do ghiollaí. 5 Mar is mé do sheirbhíseach agus mac do bhanóglaigh, duine tréithlag gearrshaolach, ar róbheag í a thuiscint i gcúrsaí cirt agus dlíthe. 6 Óir, dá fhoirfe féin é duine ar bith den Ádhamhchlann, mura mbíonn an eagna a thagann uaitse aige, ní bheidh meas ag aon duine air. 7 Is tú a thogh mé le bheith i mo rí ar do phobal agus i mo bhreitheamh ar do chlann mhac agus iníonacha. 8 D'ordaigh tú dom teampall a thógáil ar do shliabh naofa, agus altóir sa chathair ina gcónaíonn tú, macasamhail den bhoth naofa sin a bhí ullmhaithe agat féin ón tosach. 9 Tá an eagna i do chuideachta; is eol di d'oibreacha go léir; bhí sí i láthair nuair a bhí tú ag cruthú na cruinne, tuigeann sí céard is taitneamhach leat agus céard is ceart de réir d'aitheanta. 10 Seol amach as na flaithis naofa í; cuir chugam í ó do ríchathaoir ghlórmhar chun go mbeidh sí ag cuidiú agus ag comhoibriú liom i dtreo is go bhfoghlaimeoinn céard is áil leat. 11 Mar tá fios gach feasa aici agus tuigeann sí an uile ní; treoróidh sí mé go stuama i mo ghnóthaí uile agus cosnóidh sí mé lena [cumhacht]. 12 Ansin beidh mo ghníomhartha taitneamhach leat agus rialóidh mé do phobal go hionraic agus beidh ríchathaoir m'athar tuillte agam. 13 Cén duine ar féidir leis fios a fháil ar rún Dé nó a dhéanamh amach céard is toil leis an Tiarna? 14 Mar, tá réasúnaíocht an duine gan mhaith agus is guagach í ár n‑intinn. 15 Óir tá an corp somhillte ina ualach ar an anam agus tá an bhoth thalmhaí ina meáchan ar an aigne shuaite. 16 Is ar éigean is féidir linn a bhfuil ar an talamh a thomhas agus ní gan dua a fhaighimid a bhfuil in aice láimhe. Cé hé ar féidir dó, mar sin, a bhfuil ar neamh a rianú? 17 Cé a fuair fios ar do rún riamh murar thug tusa an eagna dó agus murar chuir tú do spiorad naofa chuige ó na flaithis? 18 Sa tslí sin díríodh bóithre mhuintir an tsaoil seo agus múineadh do dhaoine céard ab áil leatsa, agus sábháladh iad tríd an eagna. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart