Psailm 97 - Psalma Ḋaiḃí 1836XCVII Psalm. 1 Iehoḃah mór ata ’na rioġaċt, Bíoḋ áoiḃneas air an úir; Déanuiġ na hoiléan líonṁur tá, Gáirdeaċus mór gan ṗúir. 2 Ta néulla tiúġ a’s dorċadas, Ionna ṫíomċioll fa gcuiairt; Fíréuntaċt agus breiṫeaṁnus, Ionad a ṡuíġe gan ḃuai’rt. 3 Ta teine roiṁe ṁillteaċ ṁór, Ag imṫeaċd air gaċ áird; Le a loisgear suas le lasaraċ, A naiṁde sin gan ċáird. 4 Le lonnraḋ glan a ḋeallanuiġ, Do ṡoillsiġ se an doṁan; Ċonairc an talaṁ sin gan on, A’s ċrioṫnuiġ se go fann. 5 Na sléiḃṫe a láiṫir an Triaṫ, Do leaġadar mar ċéir; Rioṁ ġnúis árd‐ríġ an doṁain ṁóir Do imṫíġ’dar go léir. 6 Foillsíġid na flaiṫios ’ḟíréuntaċd, ’Sgaċ náen do ċíd a ġlóir; 7 D’ioṁáiġiḃ greanta an ṁéid do ċrom, Cláoiḋte go raḃaid go mór. Noċ do ġniḋ iadféin go haiṫḃéil, As ioḋalaiḃ naċ fiú; Gaċ uile Ḋée dá ḃfuil le fáġail Sleaċtuiġ do Ḋia a ndiú. 8 Rin Sion luaṫġáir go ro ṁór, An uair a ċualaiġ an sgéul; Inġiona Iúdah rin gáirdíuġ’, Fád ḃreiṫeaṁnus a Ḋé. 9 Oir tá tu ’Ḋia Iehoḃah, ard Ós cionn gaċ uile ṫír; A ta tu air ṫ’arduiġ’ go mór, Ós cion na nDée go léir. 10 A ḋream lé’r b’ionṁuin Dia go cáeṁ, Fuaṫaiġse an mór‐olc; Coiṁéadfuiġ se anam a náoṁ, Dá saoraḋ as laiṁ an oirc. 11 Cuireaġ mar ṗór go fairsiong úr, Solus don ḃfíréunaċ; A’s luaṫġáire don dream atá, ’Na gcroiḋṫe go díreaċ. 12 Ansa dTiġearna luaṫġáiriġ, Siḃse fíréunta tá; A’s cuiṁne a náoṁṫaċta féin, Molluiḋ go beaċd gaċ lá. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society