Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 94 - Psalma Ḋaiḃí 1836


XCIV Psalm.

1 A Ṫi’arna Dia, is ḋuit is dual, Dioġaltas ceart le tréun; Ó a Ḋé, dár dual dioġaltas, Deallraiḋ amaċ ṫu féin.

2 A ḃreiṫioṁ ceart na talṁan, déan, Ṫu féin a ṫógḃáil suas; A’s íoc le luċt an uaiḃreaċuis, A luaiġeaċt a’s a nduais.

3 Ca fad a ġníḋ luċt aingiḋeaċt? Ca fad a Ḋia do ní? Luċt aingiḋeaċt úrġáirdeaċas, Le háoiḃneas mór gan díṫ?

4 Ca fad a luaiḋtear briaṫra leo, A tráċt air neiṫiḃ cruaiḋ; A mbeiṫ siad a síorċaint, an ṁéid, Oibríġ’s éigċeart go truaḋ?

5 A Ṫiġearna do ḋáoíne brúiġ’d, ’S d’oiġreaċt cráiḋead go géar;

6 Baintrea’ċ, coigríoċ a’s dílleaċtúiġe, Marḃuid ’s níḋ feall go dáor.

7 Deir siad, giḋeaḋ, ni léir do Ḋia, A’s fós ni mo a ġní; Dia Iácob súd a ṫ’uirt fá ndear, Na ṫuigsin iona ṡlíġe.

8 A ḋáoine brúid’úil ’measg an tslóíġ, ’Nois tuigiḋe agaiḃ féin; ’Sa ḋáoine leaṁa, cá fada, Ḃeis siḃ gan ċiall a gcéin?

9 An té do ċuir ’na suiḋe an ċluas, Náċ gcluinfiġ se go géur? An te ḋealḃ an tsúil leis maráon, ’Ne náċ do féin is léir?

10 An te smaċtuiġios na cineaḋċa, An éaḋ na gcrónfáḋ sé; An té ḃeir eolus do gaċ neaċ, [An neaċ gan eolus é].

11 Air smuaintiḃ ḋáoine ’s feasaċ Dia, Gur dioṁáoin iad go beaċd;

12 ’S beannuiġ’ an neaċ smaċtuiġear leat, A’s a ṁuineas tu a’d reaċt.

13 Ċum suaiṁneas buan a ṫaḃairt do, A laeṫiḃ aṁgair uilc, No go dtoċaltar don ċiontaċ, Poll go doṁain dá smuilc.

14 Óir ni ṫeilgfiġ Dia uaiḋe fós, A ḋáoine dá dtug gráḋ; A’s mar an gcéadn’ ni ṫréigfiġ sé, An oiġreaċt ṫa ’na láṁ’.

15 Aċt fillfiġ breiṫeaṁnas arís, Ċum fíréantaċt air ais; ’As biaḋ luċd an ċroiḋe ionracuiġ, Da leanṁúin súd gan snas.

16 A naġaiḋ fós luċt déanta uilc, Cia éireó’s liom a náird; ’Naġaiḋ luċt oibriġṫe an ċláon, Cia ṡeasas air mo ṗáirt.

17 Muna ḃeiṫ go raiḃ Iehóḃah liom, Dom ċuidiuġaḋ le buaḋ; ’S beag naċ bíaḋ m’anam boċd dearḃóil, Go ciúin ’na luiġe ’sa nuaiġ.

18 An tráṫ dúḃras a tá mo ċós, Ag sleaṁnúġ’ uaimse siós; Do ṫrócair’ cáoṁ ċoiṁead me suas, A Ṫi’arna mór na náois.

19 Air mbeiṫ dom smáointe iomarcaċ, A’s líonṁar ann mo ċúm; Do ċóṁ‐ḟurṫaċd‐sa ṫug an sin, Solás do m’anam trom.

20 An mbéiḋ cumann ag caṫáoir uilc, Riotsa ċoiḋċe a mbríġ; Noċ ċumas eigceart go hanṁór, D’aċtúġaġ le dlíġeaḋ.

21 A naġaiḋ anma an duine ċóir, Cóiṁċeanglaid féin le ċéil; Fuil neiṁċiontaċ, damnuiġid sin, Le cóṁraḋ cláon a mbéil.

22 Aċ Dia mo ċuṁdaċ a’s mo Ṫriaṫ, Mo ċarruic dí’on gaċ ló;

23 Se ḋíolas orra súd air ais, Gaċ éagcóir rinneaḋ leó. A ngearraḋ siós do níṫear leis, Go ceart na naingiḋeaċt féin; A’s ġní an Ti’arna mór air nDia, A sgrios amaċ go tréun.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ