Psailm 93 - Psalma Ḋaiḃí 1836XCIII Psalm. 1 Tá’n Ti’arna mór a ríoġaċd ġlé, Le mórḋaileaċd gaċ am, Air na éadúġaḋ fos le neart, A’s criosluiġṫe go teann. Do ṡocruiġ leis an talaṁ go léir, Go náċ gcorróiġfíḋ é; 2 Do ċaṫáoir ríoġa ta o ċian, ’S tu féin táir rioṁ gaċ ré. 3 A Ṫiġearna na tuilte ṫóg, Do ṫog na tuillte a nguṫ; Tógfaid na tuilte suas go hárd, A dtonna mór go tiuġ. 4 Os cionn ġoṫa na nuisgeaḋ mór, Uaḃásaċ ata tú; Os cionn fuaim na mara go hárd, A tá’n Ti’arna a gclú. 5 A táid ṫ’fiaḋnuiseaḋ ro ḋearḃṫa, Buan daingion agus fíor; Is dod’ ṫíġ is iomċuḃaiḋ fos, Náoṁaċt a Ḋé do ṡiór. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society