Psailm 90 - Psalma Ḋaiḃí 1836XC Psalm. 1 ’S tu b’ionad cóṁnúiġ ḋuinn gaċ dín, A Ṫiġearna na nglóir; 2 Sul a gineaḋ na cnuic árd fós, ’S na sléiḃte beag na mór. Sul ar dealḃaḋ leat an talaṁ trom, Nó’n ċruinne ċé léd’ neart; O ṡiórúiġeaċd go síorúiiġeaċt, Is tusa Dia na ḃfeart. 3 Go neaṁníḋ filltear leatsa fós, An duine fann da sgrios; Agus a deir tu fós filliḋe, A ċlann Áḋaiṁ air ḃúr nais. 4 Oir míle bliaġain a’d’ laiṫir féin, Táid mar an lá a né; Tráṫ ṫeid siad ṫort is aṁluiḋe fós, Mar ḟáire ḃé a ngné. 5 Beiriḋ tu leat iad mar le sruṫ, Mar ċodlaḋ táid no suan; Air maidin taid mar an bféur, Go moċ ag eiriġ suas. 6 Air maidin bláiṫfiġ se amaċ, Agus claoċlóiḋ arís; Am ṫráṫnóna críonfuiḋ go luaṫ, Tarréis a ġearṫa siós. 7 Óir meaṫamaoid an ṫ’feirg ṁóir, ’S a’d’ ḋíḃfeirg claóiḋte tur; 8 Ar bpeacúiḋe diaṁar ’sár gcionta, As cóir leis do ġnuis ’ċuir. 9 Oir an do ḋíḃfeirg ár laeṫe, Ċuaiḋ ṫorainne fá seaċ; A’s caiṫmid ar mbliaġna air fad, Mar sgéul do luaiḋfiḋ neaċ. 10 Siad lae ár mbliaḋna mar an gceaḋn’, Trí fiṫċid bliaḋan a’s deiċ; ’S má éirġion tre a ṫuille neirt, Ċeiṫre fiṫċiod bli’an do neaċ. Giḋeaḋ ni ḃfuil ’na spionnaḋ súd, Aċ cráḋ a’s buaiḋreaḋ ġéar; Oir gearṫar ’maċ go tapuiġ é, A’s teiṫmíd‐ne go léir. 11 Cia dá ḃfuil deaġ‐ṫuigse a’s fios, Air neart do ċorruiġe ġéir? Is aṁluiḋ fós mar d’eagla ṁóir, Ta do ḋíḃḟeirg don réir. 12 O teaguisg ḋuinn a Ḋé na ḃseart, Ár laeṫe d’áireaṁ fós; Do ċum ár gcroiḋe do ṡocarúġaḋ, A naigníḋeaċd ’sa sóḋ’s. 13 A Ṫiġearna Iehoḃah ṁóir, Iompoiġ arís, cia fad? A dtíomċioll stáid do ṡeírḃísiġe, Gaiḃ aiṫreaċas go grad. 14 Déan sinn a ṡásaṁ fós go moċ, Led’ ṫrócaire ċaoiṁ a Ḋé; Do ċum go mbeiṫmíd aoiḃneaċ ait, Ar feaḋ ár lo ’s ár ré. 15 Dean súḃaċ sinn do réir na lá, D’ar ċráiḋ tu sinn go guirt; Do réir na mbliaġan’ na raiḃ an tolc, Ár raḋarc a’s sinn faói ḃuai’rt. 16 Taisbéun dod ṡeirḃiseaċ do ġníoṁ, Agus dá gclann do ġlóir; 17 A’s bíoḋ maise ár dtiġearna Dia, Ag deallraḋ or’n go mór. Na gníoṁarṫa do rin ár láṁ’, Súd socruiġ orrain go ceart; Na ġníoṁarṫa do rinneaḋ linn, D’aingníġṫear iadsan leat. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society