Psailm 9 - Psalma Ḋaiḃí 1836IX Psalm. 1 Le m’uile ċroiḋe ḃeirim‐se ḋuit, Ard‐ṁolaḋ binn a Ḋe, A’s d’oibriḃ miorḃuileaċa air fad, Sior‐ċuirfiġ me a ccéill. 2 Ionnad fós ġniḋim áoiḃneas ait, A’s gairdeaċas an‐mór; Dod ainmse seinnim molaḋ binn, A Riġ is áirde glóir. 3 Arís traṫ fillfear air a nais, Mo naṁuide, ṫéid go lár; Oir tuitfiḋ siad a’s téiḋ siad as, A d’fiaḋnuise gan dáil. 4 Mo ċóir ’s mo ċeart do ṡeasais ḋaṁ, Go daingion a’s go fíor; A’d ċaṫáoir ċoṁṫrom ṡuiġ tu suas, Mar ḃreiṫeaṁ ċeart do ṡior. 5 Do ċuir tu air na gceintiḃ smaċd, Sgrios tu na dáoine dáoi; A nainm do ċuir tu as go glan, Ó ḋín’ go dín’ a ċoiḋ’. 6 ’Eascara, ata crioċ air sgrios! Leag tusa bailte tréan, A niomráḋ san sa ccuiṁne fós, Do ṫeirig sin leo féin. 7 Mairfiġ Dia a m‐buaine ċoiḋċe; Ċuir caṫáoir suas ċum breiṫ. 8 Ḃeir se breiṫeaṁnus air an tsáoġal, Le cóir don tsluaġ fa leiṫ. 9 Mar ḋaingion ṁór biaiḋ Dia na ḃfeart, Don ti ata fa léun; A mbuaireaḋ, ’s tearmuinn dilis é, Traṫ ḟeicion neaċ a bpéin. 10 Gaċ neaċ da ḃfuil air ṫ’ainmse fios Ġniḋ doċas díot as bun: Oir an ṁeud ’sta ad iarruiġ Ḋé, Ni ṫreigfir iad a lonn. 11 De’n Triaṫ ċóṁnuiġios air Ṡion náoṁ, Seinnfiḋe a ċlú go binn; Aiṫrisiḋe fós a measg an tslóiġ, Na gnioṁarṫa do rinn. 12 Traṫ ġniḋse ransaḋaḋ air ḟuil, Ag cuiṁneaġ orra ta: Ni ḋearmodan se éiġ’ṁ na mboċd, A ġoireas air do ġnaṫ. 13 Fóir orm, a Ḋé, a’s aṁairc air, Mo ḃuaireaḋ o luċd m’fuaṫ, A Ṫiġearn’ ta am ṫógḃáil suas, O ḋorsuiḃ báis go luaṫ. 14 A ngeatui’ḃ inġin Ṡion ċáoiṁ, Taisbeanfad ḋ’uile ċluḋ: Déanfaiḋme gairdeaċas air son An tslánuiġe ḋeónuiġ tu. 15 Ṫuit na gceinte sios annsa díg, Do ṫoċladar do ċáċ, A’s annsa lion a dfoluiġ siad, Ta ccosa féin a ng’áḋ. 16 Aiṫniġṫear Dia san mbreiṫ do ġniḋ, Traṫ ṫuiteas dáoi ’san díg; A’s a ngnioṁarṫuiḃ a laṁa féin, Geaḃfuiġṫear iad fa líg. 17 Cuirfiġear luċt uilc a’s aingiḋe, Go hifrion sios go deó: ’S gaċ neaċ naċ ccuiṁniġionn air Ḋia, Filltear iad sios gan ġó. 18 An tainnis truaġ ni ṫéiġ go braṫ Air dearmad no air diṫ: Air ḋóċas fós an duine ḃoiċd, Go deo ni ḟaicfior cláoiḋ. 19 ’Ṫiġearna éiriġ ’sna léig buaiḋ, Le neaċ d’ar dual an bás, Breiṫ tucṫar air na cinneaċuiḃ, Ad ḟiaġnuise ’sgaċ cás. 20 Cuir eagla orrasan go mór, Iehoḃa Ḋia na ḃfeart; Go naiṫneóċaḋ na slóiġ go léir, Iad féin na ndáoine meat’? |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society