Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 88 - Psalma Ḋaiḃí 1836


LXXXVIII Psalm.

1 ’Ṫi’arna a Ḋé mo ṡlánuiġṫe, Or ġoir me d’oiḋċe ’s lá;

2 A’d’ láiṫir tigeaḋ m’úrnaiġ fós, A’s m’éiġṁe eist do ġnáṫ.

3 Oir m’anam lán do uilc atá, ’S mo ḃeaṫa ’ngar don uaiġ;

4 Áiriġṫear me mar neaċ ṫéid síos, Don log a’s me gan ḃuaiḋ.

5 Mar na márḃa luiġeas san uaiġ, Saor air a measg gan ḃríġ; Gearrṫa amaċ léd’ láiṁse táid, ’S ó d’ ċuiṁne níos mó ċóiḋ’.

6 San log íoċtaraċ ċuiris mé, ’Ndorċadas go doṁain;

7 Do ḋíḃfeirg ċóṁnuiġeas ormsa, ’S do buaiḋris me léd ṫonn.

8 Ċuir tu mo luċt cumuin ḃfad uaim, Mar úaṫḃás táimse ḋóiḃ; Air m’íaḋaġ astiġ atáim fós, Gan teaċt amaċ níos mó.

9 Mo ṡúil do ġní doilġios, cionnus, Táim a mbua’rṫa’sa gcráḋ; Mo láṁa ṡín me ċúġad a Ḋe, A’s ġoir me ort gaċ lá.

10 Do ionganta do ṡloíġ na marḃ, A Ḋé a noċtfaḋ tú; A néireóċuiḋ siad a nios arís, Dod’ ṁollaḋ‐sa le clúḋ?

11 Do ṫrócaire a’s do ċaoiṁnis glan, An ḃfoillséoċar san uaiġ? Air ṫ’fírinne a ndíoṫláiṫriúġ’, Le neaċ a dtioḃrar luaḋ?

12 A naiṫiontar ’s a dorċadas? Ṫ’obair ro iongantaċ; No a mbí’on a dtír an dearmuid, Eólus air ṫ’fíréuntaċt.

13 Aċt ċúġad‐sa ġaireas o mo Ḋia, Go moċ ṫéid ṁ’úrnaiġ suas;

14 ’Ḋia cá fár ṫeilg tu m’anam uait, ’S fár ċeil tu uaim do ġnúis?

15 O m’óige táme air mo ċráḋ, Ro ḋlúṫ do ḃas a’s uaiġ; Fuilingim ṫ’úaṫḃása go mór, Ṫá me a mbuaiḋreaḋ ċrúaiḋ,

16 Ċuaiḋ ṫ’fearg aiḋṁéil ṫorum go trom, Ċlaoiḋ ṫ’uaṫḃáis me gan lúṫ;

17 Mar uisge a’m’ ṫíomcioll d’iaḋ siad, Air feaḋ an laoí go dlúṫ.

18 Mo ċaraid ċuir tu uaim a ḃfad, M’fear gáoil ṫug ḋaṁsa gráḋ; ’S an luċt d’ár b’aiṫne mise fós, A ndorċadas a tá.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ