Psailm 86 - Psalma Ḋaiḃí 1836LXXXVI Psalm. 1 Cláon do ċluas anuas a Ḋé, Óir ṫáme ainnis truaġ; 2 M’anam cóiṁéad óir náoṁṫa táim, A Ḋé saor me go luaṫ. Do ṡearḃfóġantúiġe noċ ċuirios, A ḋóċus ionad do ġnáṫ; 3 Déan trócaire orm ’Ḋé na ngrás, Óir éiġim ort gaċ lá. 4 Déan anam do ṡearḃfóġantúiġe, Go gáirdeaċ le mór‐ṡearc; Óir is ċuġadsa a Ṫi’arna Dia, Ṫógaim m’anam a’m’ airc. 5 Óir ṫusa a Ṫiġearna táir, Ro ṁaiṫfeaċ agus maiṫ; A’s sár‐ṫrócáreaċ do gaċ naén, Do ġoireas ort gan ṁeaṫ. 6 Eist m’úrnaiġ, Ḋia, a’s t’úir fá ndear, Guṫ gearránaċ mo ċaoí; 7 Lá mo ḃuaiḋearṫa gáirfiod ort, Óir freagóra tú mé. 8 A mesc na nDée, ni ḃfuil a Ḋia, Éan‐neaċ is cosṁuil riot; Ná néiṫe air biṫ is cosṁúil ris, Gaċ gníoṁ a rinneaḋ leat. 9 Tiocfaid gaċ cine rinneaḋ leat, A’s sleaċtfuid ḋuit a Ḋé; A’s ḃéaraid glóir a’s molaḋ árd, Dod’ ainm‐se feaḋ gaċ ré. 10 Do ḃríġ a Ḋé go ḃfuil tú mór, ’S go ndéantar néiṫe leat; Ta míorḃúilteaċ, ’s tu féin aṁáin, Dia cóṁaċtaċ na ḃfeart. 11 Do ṡlíġṫe teaguisg ḋam a Ḋia, ’S a’d’ ḟírinn gluaisfeaḋ mé; Ċum eagla ṫ’ainme‐si ḃeiṫ orm, Claon mo ċróiḋe ċúġad féin. 12 Lem’ uile ċroiḋe mollaim‐se ṫú, A Ṫiġearna mo Ḋia; ’S dod’ ainm ro uasal ḃeirim fós, Glóire go bráṫ a Ṫriaṫ. 13 Oir ’s mór do ṫrócair’ ḋaṁsa, ’Ḋé, A’s fós ó ifrionn ṡíos; Fuasglaḋ ṫug tú ár m’anam boċt, A’s ṫóg tú é a níos. 14 Na húaiḃríġ d’éiriġ suas, a Ḋé, A’m’ aġaiḋ go han‐ḋían; A’s drong fóiréigneaċ m’anam d’iarr, Dod’ diúlta‐sa o ċían. 15 Aċt tá tú‐sa a Ṫi’arna Dia, Grásaṁuil trócáreaċ; Ag fulang a ḃfad le droċ‐ḃeirt, A’d’ ṫrócair’ fírinneaċ. 16 Féuċ orm agus trócaire déan, T’úir neart dod’ ógláċ féin; Do ṁac ṫinneilte fós maraon, Déan fuasglaḋ air a nféiḋm. 17 Cóṁarṫa ċum maiṫeasa déan ’Ḋé, Rium a raḋarc mo ná’id; ’Ḃriġ néirt a’s fóir’ṫin uaitse féin, Bíḋ náire orra gan ċáird. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society