Psailm 80 - Psalma Ḋaiḃí 1836LXXX Psalm. 1 Aoḋaire Isráel, eisteaċd, t’úir, Noċ stiúir Ióseṗ led’ láiṁ; Ṫusa ṡuiġeas a measg ċerubím, ’Deallrúġaḋ ’maċ gan táiṁ. 2 A láiṫir Eṗráim a’s Beniamín, Agus Ṁanasse fós; Duisig do ċóṁaċt, agus tair, D’ár saoraḋ mar is nós. 3 Fill sin arais a Ḋé na ḃfeart, Tog orrainne suas go hárd; Deaġ‐ḋeallraḋ glan do ġnúis a nois, A’s saorṫar sin gan ċáird. 4 Cia fad a ḃias tu feargaċ borb, A Ṫiġearna a’s a Ḋé; Re guiḋe géar do ṁuintire féin, Ta ’géiric ort gaċ ré. 5 Do ḃeaṫuiġ tu do ṡluaġ go léir, Le harán déur a’s bróin; A’s tóṁas fairsiong ṫug tu ḋóiḃ, Do ḋéora goirt re nól. 6 A’s rin tu sin mar imreasán, D’ar gcóṁarsanuiḃ féin; A’s mar aḃar magaiḋ ta sin, Ag ár naiṁdiḃ go léir. 7 Fíll sinn arís, a Ḋé na slóiġ, Tóg orrainne suas go hárd; Deallraḋ glan do ġnuise a Ḋé, A’s saorṫar sin léd’ ġrás. 8 As an ’Egipt ṫug tú fíneaṁúin, ’S na geinte ṫeilg tú ’maċ; A’s ṡuiġiḋ tusa ’nionad súd, An ḟineaṁuin úd fá seaċ. 9 Ṡoláṫair tu áit di, a’s ġaiḃ, Si fréuṁ go daingion teann; Led’ ḃeannúġaḋ gur líonaḋ lé, An tír o ċeann go ceann. 10 Na sléiḃte árda d’foluiġ sí, Le sgáile a duile féin; A géuga ḃí mar ċeadair ḃreaġ, Ag leaṫnúġaḋ faoí ṡéun. 11 Do ċuir amaċ go nuig’ an ṁuir, A beangáin míne réiġ; A’s a gaḃláin air fad fá ṫreóġ, An aḃuin áluin ġléiḋ. 12 A fállta cread fá’r briseaḋ leat, Ionnas go ḃfuil gaċ neaċ; Ṫéid seaċad ár an mbóṫar ṁór, Da sgoṫaḋ leó fá seaċ. 13 Ta toirc a ṫig ó’n gcoill amaċ, Da toċlaḋ síos go cré; Ta beaṫuiġ allta an ṁaiġe fós, Da hiṫiḋ suas gan réiġ. 14 Fill, guiḋmid ort, a Ḋia na sluaġ, Aṁairc o neaṁ a nuas; Féuċ a’s fiosruiġ féin anois, D’fínneaṁuin féin le truaġ ’s. 15 A’s an fásċrann do ṗlanduiġ tú, Le mor‐neart do ḋeis‐láiṁe; ’S an beangan úd do neartuiġ tú, Duit féin le luṫ gaċ tráṫ. 16 Le teine ata si air na dóiṫ, A’s ta si géarrṫa síos; Re haċṁusán do ġnuis a Ḋé, Meaṫaiḋ si fós fa sgíos. 17 Air ḟéar do ḋeas‐laiṁ féin a Ḋé, Go raiḃ do laṁ go tréun; Air ṁac an duine rinneaḋ leat, Da neartuġaḋ ḋuit féin. 18 Mar sin ni ḟillfeam uait arís, Aiṫḃeoḋuiġ sin gaċ ló; A’s goirfiḋ sin air t’ainm an sin, Cóṁ fada a’s ḃeiṫmíd beó. 19 Fill sin a rís a Ḋé na slóiġ, A’s foillsiġ féin gan spás; Deaġ‐ḋeallraḋ glan do ġnuis a nois, A’s saorfar sin led’ ġrás. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society