Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 77 - Psalma Ḋaiḃí 1836


LXXVII Psalm.

1 Lém’ ġuṫ do ġários féin ár Ḋia, D’eiġ me lém’ ġuṫ go hárd; A nuair a ġlaoiḋ me ṫug seision, Sár‐éisteaċd ḋam gan ċáird.

2 A ló mo ḃuaiḋearṫa d’iar me Dia, Mo láṁ ’s an ḃé do ṡil; M’anam ni ḋearnaiḋ stad air biṫ, Aċ ḋíult sólás go dil.

3 Do ċuiṁniġeas air Ḋia annsin, A’s ḃi me mbuaireaḋ ġéur; Do rineas gearrán trom gan stad, ’Ṡmo spioraid lag go léir.

4 Congḃuiġ tu mo ruisg gan suan, Tá me cóiṁ‐iarganoċ; Náċ féadaim focal caint na sgéul, Laḃairt lém’ ḃéul amaċ.

5 An sin air laeṫiḃ fada o ṡoin, Do smuaingios féin go beaċd; Air ḃliaġnuiḃ fós na haimsire cian, Do ċuiṁniġ mé go ceart.

6 San oiḋċe ċuiṁniġim mo ċeól, ’Sam’ ċroiḋe meaḋaim go léir, A’s rinn mo spioraid fós gan taṁ, Le díṫċeall sgrúda géur.

7 ’Dteilgfiḋ an Ti’arna uaiḋ go bráṫ? ’Snáċ noċdfaḋ gráḋ níos mó;

8 Nár sguir a ṫrócaire go ḃráṫ. ’Sa ġeallaḋ air feaḋ gaċ ló?

9 Nár ḋearmuid Dia go fírinneaċ, Ḃeiṫ grásaṁuil eadtruaḋaċ, Nár iaḋ se suas iona ḟeirg ṁóir, A ṫrócaire lán‐ḃuaḋaċ.

10 Aċt duḃairt me (traṫ ṫuigis sin), Is í‐so m’anṁuin ṁór; Aċ deas‐láiṁ an ti is ro ard, Ċláoċlóiġis me go cóir.

11 Gníoṁarṫa Dé go siór ċuiṁneód, Mar rinneaḋ leis gaċ beart; ’Soibre iongantaċ ó’n allóid, Cuiṁneóċa me go ceart.

12 Air ṫ’oibriḃ uile mar an gcéadn’, Smuainfiḋ me‐féin go tric; A’s air gaċ feart dá ndearnaḋ leat. Laḃróċaḋ me go glic.

13 Do ṡlíġe atá ’sa nionad náoṁ’, A Ṫi’arna a’s a Ḋé; Cia is cosṁuil a neart mar Ḋia, Na tréun a gcóṁaċt mar é.

14 ’S tusa an Dia ġniḋeas iongantas, A’s obair ṁór léd’ ḟéart; Agus air measg an ṗobail fós, Do ṫeasbáin tú do neart.

15 Do sáoraiḋ leat don teasairginn, Do poḃall díleas féin; Clann Iácob agus Ióseṗ fós, Léd’ ġárda neartṁar, ṫréin.

16 Do ċonnairc na huisgíḋe ṫu ’Ḋé, A Ḋé do ḋearc siad ṫú; Do ḃi eagla orrṫa go mór, A’s na haigéin rin siad cú’.

17 A nuisge ḋoirt na néulla ’maċ, Buḋ ro ṁór fuaim na spéir; A’s ċuaiḋ do ṡaiġde corranaċ, A maċ go sgaiṫeaċ géur.

18 Do ḃi fuaim do ṫóirniġe ’sa spéir, Do ṫinteaċ d’foillsiġ an ḃíṫ; Eagla ṁór ḃi air an sáoġal, ’San talaṁ féin do ċriṫ.

19 ’San ḃfairge ’Ḋé do ṡlíġe atá, ’San doiṁneaċd do ċasáin; A’s lorg do ċos ni haiṫniḋṫear, Táid a ḃfolaċ o ṫáin.

20 Is aṁluiġ fós mar ṡeoltar tréud, Do ṗobal stiúirṫear leat; Le deaġ‐láiṁ Ṁáoís a’s Aroin fós, Dá dtreóruiġ’ go ceart.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ