Psailm 74 - Psalma Ḋaiḃí 1836LXXIV Psalm. 1 Cread as fá’r ṫeilgios sinne uait? A Ḋé, an eaḋ go bráṫ? A ndéana ṫ’fearg deataċ ’naġaiḋ, Chaoraċ ṫ’inḃir ro ḃreáġ. 2 Cuiṁniġ a Ḋé do ċóiṁṫionól, Do ċeanċaḋ tu ḋuit féin; An oiġreaċt sin do sáoraḋ leat, Sion do ċóṁnuiġe ó ċéin. 3 Ċum an ḟásuiġ síoruiḋe ḃuain. Do ċosa tóg go hárd; Ċum an uilc a rinn an naṁuid, Ad’ ṫeampall náoṁ gan ċáird. 4 Do naiṁde rinn siad béiciḋ ḃorb, Measg ċóíṁṫíonoil do ṡluaġ; A’s ṫóg siad suas a mbrataċa, Mar ċóṁarṫa ár ḃuaḋ. 5 Bá ċluiteaċ an té’r ṫógaḋ leis, An tuaġ ’na láṁa suas; Air ċrannuiḃ árda dosaċ tiúġ, Do ċum a leagṫa ’nuas. 6 Aċ anois an obár ṡnáiġte ġrinn, Le hórdaiḃ ’s tuaġaiḃ ḃris; 7 A’s ċuireadar na lasair ḋeirg, Do ṫeampall náoṁ dá sgrios. Tiġ‐cóṁnuiġṫe náoṁta, ṫ’ainme ’Ḋé, Féuċ ṫruaill siad e le táir; Da ṁilleaḋ a’s da leagaḋ síos, Cóiṁ‐iosal leis an lár. 8 ’Na gcroiḋe laḃair siad mar so, Sgriosamáoid iad le ċéil’; Gaċ cóiṁṫionól ag Dia san tír, Loisgeadar iad go léir. 9 Ár gcóṁarṫa ni ḟeicṫear linn. Fáiḋ ni ḃfuil nios mó ann; Ni mó ta neaċ na measg go léir, Dár fios cia fad an tam. 10 Cia fad a ḃeis, a Ḋé na ndúl? A neascaraḋ ’scanlúġaḋ: An eaḋ go bráṫ, ḃeiṫ an náṁaid, ’Tarcuisniúġaḋ ṫ’ainm ḃúaḋ’ċ. 11 Cread fáṫ a ḃḟillean tu do láṁ, Do ḋeas‐láṁ féin air ais; Cuingioṁ as lár do ḃrollaiġ í, Ċum fuasclaḋ orainn go cas. 12 Oir Dia na nglóir ta neartṁar ard, O ċian a se mo Ríġ; ’Meaḋon na talṁan lena neart, ’Goibriúġaḋ sláinte a’s síṫ. 13 An ḟairge sgoiltiġ le do neart, As cinn ro láidir ċruaiġ; Ná ndragún ansá nuisge ṁór, Ag déanaṁ orrṫa buaiḋ. 14 Cin Leḃiaṫan aḋḃal ṁóir, ’S tu féin a ḃris a’s ṗronn; A’s ṫug tu e, mar ḃiaḋ don tsluaġ, Ḃi ansa ḃfásaċ lom. 15 ’S tu sgoilt tuilte a’s toibreaċa, ’S tu ṫíormuiġ aiḃne ṁór; 16 ’S tu d’órduiġ solus agus grian, ’S leat a noiḋċe ’s a ló. 17 Críoċa na talṁan ṡocruiġ tu, Do rin tu saṁraḋ teiḋ; ’S a gioṁreaḋ fós do rinneaḋ leat, ’S na haimsiriḃ fa leiṫ. 18 A Ṫiġearna cuiṁniġ so go mór, An naṁaid gur sganluiġ tú; Agus go dtugadar dáoine leaṁ, Dod’ ainmsi aiṫis ḋlúṫ. 19 Anam do ċoluim na taḃair suas, Do ċuideaċda na ndaoí, A’s cóiṁṫionól do ḋeóruiḋe ḃoiċd, Air dearmad siór na bí. 20 Do ċonnraḋ t’úir fá ndear a Ḋé, Óir aitreaḃuiġ dorċ’ na tír; Táid lann do ṁeall a’s ṁalluiġṫeaċt, A ḃfoiréagan do ṡíor. 21 Na fílltear air a nais le náir’, An drong leatrom do ġní; Na boiċd agus na heasḃuiġe bíḋ, A’d’ ṁolaḋ gan aon sgíṫ. 22 Éiriġ a Ḋé gan muill na stad, A’s tagair do ċús féin; Cuiṁniġ mar ta an tamadán, Gaċ lá ag t’uirt ḋuit béim. 23 Na dearmuid guṫ na muint’re sin, Na naṁdaiḃ ḋuit a tá; Ta na dáoine eirġios a’d’ aġaiḋ, Síor‐ḋul a méud gaċ lá. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society