Psailm 73 - Psalma Ḋaiḃí 1836LXXIII Psalm. 1 Go fírinneaċ ṫa Dia ro ṁaiṫ, Do ṗobal Isaráel; Don drong da ḃfuil a gcróiḋe glan, Ṫa Dia ḋoiḃ maiṫ don réir. 2 Aċt air mo ṡonsa, ’sbeag nár sguir, Mo ċosa uaim go grad; Ní mór nár rin mo ċéimne fós, Sleaṁnúġaḋ uaim air fad. 3 Ris na hamadánaiḃ ġaḃas tnúḋ, Tré ḟeicsin soirḃeas daói; 4 Óir ni ḃfuil cuiḃreaċ an a mbás, Trean‐neart is leó gan díṫ. 5 Mar ḋáoine eile ni ḃfuil siad Faoi ḃuaiḋreaḋ no faoi ḃrón; ’S ni ḃfuilid air na gcráḋa fós, Mar ċáċ lé Piantaiḃ treón. 6 Uaḃar mar ṡlaḃraḋ uime sin, ’Na dtimċioll, fa gcuairt ṫá; A ḃfóirneart féin da ḃfolaċ súd, Mar éadaċ orṫa ’ġnáṫ. 7 A suile ṫéid amaċ le sáill, Sáruiġid smuain a gcroiḋe; 8 Laḃruid geanguid, agus truaillí’d, Le na mbéul go haingiḋe. 9 A naiġiḋ na neaṁ a’s na spéur, A mbéul do ṫóg siad suas; Air feaḋ na talṁan a’s na dtír, A dteanga‐san do ġluais. 10 Air an aḋḃar‐soin filliḋ fós, A ḋáoine ansa treóġ; A’s faisgṫear ḋóiḃ súd amaċ, Uisgiḋe a gcuaċ gan ġó. 11 A’s deir siad, cionnas ’s léir do Ḋia, Ḃfúl tuicse san tí’s árd. 12 Féuċ súd na daoi a soirḃiuġaḋ, Ag fás a maoin gan ċáird. 13 Mo ċroiḋe sgagas a ndioṁáoineas, ’Sa neaṁċiontaiḃ ní’s mo lá’; 14 Óir buailte a’s Pianta ’ta mé, ’Sair maidin m’aiṫḃir tá. 15 Ma deirim, laḃraḋ me marso, Feuċ déanad eagcóir beaċd; A naġaiḋ ṡlioċt a’s ġinealaċ, Na cloinne ’sionṁuin leat. 16 Tráṫ smuainíġ me go dtuigfin so. Buḋ ċruaḋ‐ċeist orm an gníoṁ; 17 Aċt ċuaiḋ me ’steaċ go náoṁ‐ṫeaċ Dé, Ann‐san ṫuig me a gcríoċ. 18 Go deiṁin ċuir tu iad air fad, An áitiḃ sleaṁain lom; A’s teilge leatsa iadsan síos, Le dioġaltas go trom. 19 Cionnas a ṫugṫar iad gan ḃríġ, A dtamall beag aon uair; Oir ṫáid siad ár na sgrios go tur, Le huaṁan ’seagla ṁór. 20 Mar aisling nuár a ṁuisglis neaċ, Mar sin a Ḋia na sluaġ; A ndeilḃ do ṫarċuisníġean tú, Tráṫ ḋúis’eas tu go luaṫ. 21 Mar so do ḃi ár mo ċroiḋe cráḋ, ’S air m’árnaiḃ goin ro ġéur; 22 Oir ḃi me báoṫ a’s aneólgaċ, Mar ainṁiḋe éugas léir. 23 Giḋeaḋ ḃi me do ġnáṫ agadsa, A Ṫiġearna gaċ lá; A’s air mo ḋeas‐láiṁ rugais‐se; Dom ċongḃáil suas gaċ tráṫ. 24 Do ġníḋṫear leat mo stiúraḋ fós, Léd’ ċóṁairle am’ ḟéiḋim; A’s ġeóḃa tu me a steaċ ċúġad, Ad’ árus glórṁar féin. 25 Cía ta agam ’sna flaiṫios ṡuas? Aċt ṫusa a Ḋé na ndúl; A’s ni ḃfuil neaċ air talaṁ fós, Aċ tu ’na ḃfuil mo ḋúil. 26 Mo ċróiḋe a’s m’feól maráon ata, Air meaṫ le laige ’ġnáṫ; Giḋeaḋ ’se Dia neart mo ċroiḋe, ’S mo ċóṁ‐roinn buan go bráṫ. 27 Óir féuċ iadsan ta a ḃfad uait, Léirsgríosair iad go luaṫ; Oir cláoiḋtear leat gaċ éile neaċ, Air striopaċas ṫéid uait. 28 Aċt ḋaṁsa is maiṫ druid re Dia, Mo ḋóiġ ta ’nDia mo neart; Do ċum go ḃfoillseoċuinn do ṡíor, Na neiṫe rinneaḋ leat. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society