Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 71 - Psalma Ḋaiḃí 1836


LXXI Psalm.

1 Mo ḋóċas ionnad ta a Ḋé, Na bioḋ náire orm go deó;

2 A’d’ ċeartas fóir leig sáor me as, Cláon liom do ċluas le fóir.

3 A’d’ ċarruig ċóṁnuiḋe ḃi‐si ḋaṁ, ’Na raċfuiġ me do ṡíor; Mo ḃaḃun a’s mo ḋaingean ṫu, Ṫug aiṫne ċum mo ḋi’on.

4 As laiṁ an ċiontaġ o mo Ḋia, Dean fuasglaḋ ḋam a’m’ ċrúa’s; As láiṁ na ndáoinneaḋ eaccóraċ, Ta gan ioċt gan truáġas.

5 Oir is tusa, Ṫi’arna mo Ḋia, Mo ḋóċas an mo ḟéiḋm; Ó áois a’s aimsir m’óige a nuas, Mo ḋóiġ is tu go deiṁin.

6 ’S tu rinn mo ċongḃáil suas ó’n mbroinn, ’Són mbolg ṫug me a maċ; Mo ṁolaḋ biaiḋ órt fós go bráċ, Arson do ġrás fo seaċ.

7 Mar aḋḃar iongantais a Ḋé, Aig móran ata me; Aċ ’s tusa is tearmonn dilios ḋaṁ, Mo spionnaḋ mór gaċ ré.

8 Go liontar le do ċlúḋ mo ḃéul, ’S le ṫ’onóir féin gaċ ló;

9 Na teilg me uait am aois ’s na tréig, Traṫ ḟailliġios mo ṫreóir.

10 Oir m’aġuiḋ, meid is naṁuid dam, Laḃruid go sgigeaċ géur: ’S an dream ta’braṫ ár m’anam boċt, Ġniḋ cóṁárle le na ċéil’.

11 Ag raḋ do ṫréigeaḋ e le Dia, Inġreamaiḋ e go teann; A’s glacuiḋ, oir da ṡáoraḋ fós, Ní ḃfuil neaċ sáorṫa ann.

12 A Ḋia na bí‐se fada uaim, Fóir oram, mo Ḋia, go luaṫ:

13 Bioḋ naire a’s cláoiḋ ár m’eascárdiḃ, Da ttug do m’anam fuaṫ. Le sganail ’snáire folċar iad, ’Ta ’giarraiġ m’uilc gaċ ló:

14 Beiṫ dóiġ agam ionad do ġnáṫ, A’s molfad tu níos mó.

15 Laḃróċuiġ mo ḃéul air ṫ’fíréuntaċd, ’S do ṡláint’ gaċ lá gan sgíos; A náireaṁ súd ár líonṁuireaċd, Ni ḟéidir a ċuir síos.

16 Tre neart an Tiġearna mo Ḋia, Fós raċfaḋ mé do ġnáṫ; A’s tráċdfad ár ṫ’fíréuntaċd, Agus ár sin gan sgáṫ.

17 O m’ óige ṫugais teagasg ḋam, A Ṫi’earna ’gus a Ḋé; A’s a cuir ṫ’oibre iongantaċ, Go nuige so a gcéill.

18 Anois ár mbeiṫ ḋam sean a’s liaṫ, Ná tréig me, Ḋia na ḃfeart; Go dtaisbeana me do lúṫ ’s do neart, Don dín a ta le teaċd.

19 ’Ṡ ró árd ṫ’fíréuntaċd féin, a Ḋé, Do rinnios neiṫe mór; A Ḋia cia hé is cosṁuil riot, No ’gcóiṁeas leat a nglóir.

20 Ḃuaḋearṫa iomḋa neiṁneaċa, Ṫaisbeunais ḋam a Ḋé; Aiṫḃéoḋaċair, a’s ḃéarfaḋ tu, O ḋoiṁneaċd talṁan mé.

21 Fóirlíonfa tu m’arraċtas, Le sólás o gaċ táoḃ;

22 Air aḋḃaiḋ sáltraċ, molfad mo Ḋia, Seaḋ ṫ’fírinn ta ro ċáoṁ. A’s seinnfead ḋuit ár ċlárseaċ ḃínn, A aoin náoṁṫa Isráel;

23 Is mór mo ġáirdeaċas gaċ uair, A ċánfaḋ ḋuit mo ḃéul. Biaiḋ suḃaċas a’s áoiḃneas mór, Air m’anam féin a Ḋé; Do sáoraḋ leat go trócáreaċ, O ṫrioblóidiḃ go léir.

24 A’s biaiḋ mo ṫeang’ ár ṫ’fíréuntaċd, Ag iomráḋ feaḋ an laé; Óir cláoíḋte ’s náiriuġ’ ta an drong, Ċum m’uilc do iairus mé.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ