Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 7 - Psalma Ḋaiḃí 1836


VII Psalm.

1 Sán Tiġearna Dia ta mo ḋóiġ, Orm fortuiġ agus fóir, A’s sáor me fós ó ġérleanṁuin, Ta dluiṫ mo ḋiaiġ ’san tóir.

2 Air eagla, mar ġniḋ leóṁan tréun, Go sgriosfuiḋe m’anam leis: Go stróicfiḋ me a mbloḋuiḃ mion, Gan neaċ le m’fuasclaḋ as.

3 Iehoḃa Ḋé, ma rinneas so; Má ta loċt air mo láiṁ:

4 Ma ḋ’íocas olc don te do ḃí, A síoṫċain leam ’sa ndáiṁ; Ni haṁluiḋe sin, aċ rinn me an tí, A ṫeasairgion go blaiṫ, Do ḃi gan aḋḃar a’s gan ċúis, Na naṁuid ḋaṁ gaċ lá.

5 Leanaḋ mo naṁuid m’anam féin, ’Sglacaḋ se é, ’sgo lár; Saltraḋ mo ḃeaṫa, leagaḋ fós, M’onoír sios le táir.

6 Éirgiḋ, ann d’feirg, tóg suas ṫu féin, Fa ċorruiḋe m’eascar’ ṫréin; A’s ċum na breiṫe d’orduiġ tu, Musguil fam ċúis, a Ḋé.

7 Marsin ċoiṁṫionoluid na slóiġ, Ad ċuairtiuġaḋ gan ċáird; Is uime sin fa’n ccúis a Ḋé Fill féin ċum d’ionuid áird.

8 Breiṫ air an bpobál ḃéarfaḋ Dia: ’Réir m’ionracais déan breiṫ, ’Réir m’fíréuntaċt féin, a Ḋé, Go teann seas air mo leiṫ.

9 O críoċnuiġ olc na ndáoineaḋ ndáoi, Aċt daingniḋ dáoine cóir: ’S fear sgruduiġ croiḋe a’s ransuiġeóir, Dia coṁṫromaċ na nglóir.

10 ’Se Dia mo sgiaṫ, ’s furtoċuiḋe se Do ṁuintir an ċroiḋe ċeirt.

11 ’Sbiaiḋ go cinte air feaḋ gaċ la A ḃfeirg le luċt droiċḃeirt,

12 Muna ḃfillfiġ an dáoi air ais, A ċloiḋeaṁ lioṁfuiġ Dia. Do lúb se ḃoġa go ro ṫeann, Dollṁuiġ se é go dian.

13 Fíor‐urnuis agus innil ḃáis, Do ḋeasuiġ se ḋó féin; Soiġeada rinneaġ léig se amaċ A naġuiḋ luċt ndroiċ‐ṁéin.

14 Mar ṁna le sáoṫar ’s aṁluiḋe sin, An dáoiḋ, le holc ata; An taiṁleas se buḋ toirrċios dó, Bréuga rug se gan stá.

15 Ṫoċuilse a’s do rinne clais, Ṫuit féin san díg do rinn:

16 Ṫuit aiṁleas air a ċloigean féin, A’s urċoid air a ċinn.

17 Do réir ḟírine molfaḋ me, An Tiġearna gaċ am: Do ainm Iehoḃa sinnfiġ me, Oir sé is áirde ann.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ