Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 65 - Psalma Ḋaiḃí 1836


LXV Psalm.

1 A Sion árd is dual ḋuit féin, Molaḋ a Ḋe gan díṫ: Is dutse ḋioltar fos an ṁóid, Go ceart mar ġeallṫar í.

2 O’s ṫusa eisteas urnuiḋe ġlan, ’S ċugad ṫiocfas gaċ aon;

3 Mo ṡeaċran ta a nuaċtar orm, Glanfuirse ar gcuir uainn.

4 Is beannuiḋe an duine sin go deó, A ṫoġfar leat a Ḋe; A’s ḃeirir fos a ḃfogus ḋuit, Coṁnuiḋe a’d’ ċuirt ġniḋ‐se. Sáiseóċar sinn le niḋṫe maiṫ, Do ṫeaċ ’s do ṫeampoll naoṁ’;

5 Le neiṫiḃ uaṫḃásaċa ḃeir duinn, A’d’ ċeartas freagra caoṁ. A Ḋia ar sláinte ’s tu go dearḃ, Is dóiġ do gaċ iomal tír; ’S a ḃfuil san mbóċna fada uain, A ndóċas ’s tu do ṡíor.

6 Se ṡocruiġeas gaċ sliaḃ le neart, Go criosluiġṫe led’ ḟeart;

7 Se ċoisgeas fuaim na mara ’s tonn, ’S buaireaḋ na slóiġ naċ ceart.

8 Na dáoine ta na ccóṁnuiḋe ṫall, ’S na tíriḃ fad amaċ; Na uaṁan orra ta go mór, Do ċóṁarṫa míorḃuileaċ. Is tusa ḃéir ár dol amaċ, Na maiḋne gaċ aon lá; ’S air an ḟeasgair mar an ccéadn’, Ḃeiṫ luaṫġáreaċ do ġnáṫ.

9 An talaṁ d’fiosruiġios go cáoiṁ, Agus fliuċa tu go réiḋ; Cuirfir saiḋḃris air le Haṁuin Dé, Ta lán do uisge ġléiḋ. Dóiḃ arḃar ta tu’gullṁúġaḋ, Le d’freasdal ċaoṁa féin;

10 Ag uisgeaġaḋ le fearṫuinn ṁor, A niomairiḋe go mín. A neitre leagfuiġ tu‐sa sios, Le grásuiḃ ġniḋ tu tais; A mbar agus a maoṫain fós, Beannuiġe tu léd’ ḟeaḃus.

11 An ḃliaġain d’iaṫuiḋ tu fa ccuart, Led ġrásuiḃ féin a Ḋé; Ta saill a sileaḋ ann sgaċ áit, Od ċoiscéimniḃ go réiḋ.

12 Air ċluainiḃ glas an ḟásuiġ loim, ’Nuas siliḋ siad go mín; Na cnoca beaga deas a’s tuaiġ, Aoiḃneas a’s gean do ġníḋ.

13 Na hinḃir ata eaduiġṫe, Le tréuduiḃ an ’s gaċ áit; Na glinn le harḃar foluġṫe, Cánuid ’s béicid le háiṫ’.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ