Psailm 60 - Psalma Ḋaiḃí 1836LX Psalm. 1 A Ḋé do ṫeilg tu sinne uait, Do scab tu sinn air fad; Oir ḃi tu linn a ḃfeirg ann‐ṁór, Iompuiġ féin linn go grad. 2 Ċuir tusa an talaṁ trom air criṫ, A’s fós do ḃris tu é; Deisiġ a ḃearnaḋ, óir go fíor, Air criṫ an‐ṁór ta sé. 3 Do ṫaisbein tusa neiṫe cruaiḋe, Don tsluaġ is leat le cóir; Fion‐mearuiġṫe ċuir uaṁan cruinn, Ṫug tusa ḋuin ré nól. 4 Aċ ṫuguis brataċ árd a Ḋe! Don dream d’ar eagal ṫú; Do ċum go noċtaḋ súd amaċ, Ḃriġ ḟírinn ḋuit le clúḋ. 5 O ḋaorsa ċum go saorfaiḋe leat, Do ṗobal ionṁuin féin; Eist leam a’s slánuiġ me go grad, Léd ḋeis‐laim láidir ṫréin. 6 ’Na naoṁṫaċt laḃair Dia na ḃfeart, Ḃíḋ aoiḃneas oram náċ gann; Air Seicim ġniḋim roinn go ceart, Gleann Ṡucoit tóiṁistir leam. 7 ’Sleam Gilead tre ḋliġe ċeart, Manasseh ’s leam gan aċd; Si treaḃ Eṗráim neart mo ċinn, Ḃeir Iudah amaċ mo reaċt. 8 Agus soiṫeaċ ionnluid Moab ḋáṁ, Teilgfiod tár Edum ṫruaiġ, Mo ḃróg, agus déan caiṫréim ḃinn, A Ṗalestín le buaiḋ. 9 Cia ḃeir don ċaṫair daingean me, ’S go hEdum ḃeir go ceart? 10 Naċ tusa, Ḋia le’r ṫréigeaḋ sinn ’S naċ ndeaċuiḋ maċ le’r ḃfeaċt. 11 O ḃuáreaḋ taḃair cóngnaḋ ḋuinn, Oir is dioṁaoin furtaċt ḋaoin: 12 Tre Ḋia ġniḋ sinne ard‐ġaisge, Se ṡaltras naṁuid fuinn. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society