Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 6 - Psalma Ḋaiḃí 1836


VI Psalm.

1 ’Ṫiġearna an do ċorruiḋe ṁór, Na Himḋearg me go garg, Na déan mo smaċtuġaḋ go géur, A nuair a lasas d’fearg.

2 Déan trócaire orm, ’Ḋia na ngrás, Oir lag ataim gan ċeart; ’Ḋia, slánuiġ me anois am’ ḟeiḋm O taid mo ċnáṁa gan neart.

3 Ta m’anam air na ċráḋ go géur: Aċt ṫusa ’Ḋia cia fad?

4 Fill, fuasguil m’anam; agus fóir Le trócaire orm go grad.

5 Oir ortsá, ’Ṫiġearna ċoiḋċe, Ni cuiṁniġṫear san mbás: Cia ḃeir buiḋeaċus annsa nuaiġ, No luaiḋios ort go bráċ?

6 Lem’ ċneaduiḃ taim lag ’sa noiḋċe’ ’Cur mo leapṫa air snáṁ: Le deóruiḃ frasa fliuċaim m’aḋairt, ’San am air ċóir ḋaṁ táṁ.

7 Ṁeaṫ mo raḋarc le buaiḋreaḋ ṁór, Do ḃriġ mo ḃróin gaċ tráṫ; A’s ta me dul ann áois, arson M’uile naṁuid’, do ġnáṫ.

8 A luċt na haingiḋeaċt go léir, Imṫiġ’se uaim air fad: Oir ċualuiġ Dia go trócaireaċ, Ard ġuṫ mo ċáoiḋ gan stad.

9 An aṫċuinge a ċuir me suas, Do ċualuiġ Dia an glór; A’s ġaiḃse fós go fonṁar uaim An urnuiḋe rinneas cóir.

10 Air mo naṁ’diḃ go raiḃ air fad, Náire a’s buaiḋreaḋ ġéur, Fillidís air anais go luaṫ, Le maslaḋ mór go léir.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ