Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 57 - Psalma Ḋaiḃí 1836


LVII Psalm.

1 Dean trócáre orm a Ḋé na ngrás, Dean trócaire orm gaċ ré; Oir ionadsa ta m’anam truaġ, Ag cur á ḋóiġ go léir. A’s raċuiġ me fáoi sgáil do sgéiṫ, Mo ṫearmonn a’s mo neart; Go tti a nuársin ann a dteid, Ṫoram na huilc air fad.

2 Eiġfiġ me ċum ann Dé is árd, Ċum Dia ta láidir tréan; A ċuireas leam gaċ cúis go críċ, Mar ċi se ormsa féiḋm.

3 Cuirfiḋ se neart o neaṁ, dom ḋion, O ḃéim an ḟir ler ḃ’áil, Mo ṡlugaḋ: cuirfiḋ Dia ċugam, Ḟírin ’s a ġras gan dáil.

4 Ṫa m’anam boċt a ccóṁnuiḋe fós, A meoḋuin leóṁan ġairg; A measg an drong na luiġ ata, Air lasaḋ suas le feirg: Dáoine ga ḃfuil a ḃfiacla fós, Mar lann ’s mar ṡoiġde géur; Mar ċloiḋṁe rinneaċ ’s aṁluiḋe sin, A dteangṫa san go léir.

5 Os cionn na neaṁ’, Ḋia tóg ṫu féin, Os cionn gaċ tír do ġlóir;

6 Fa ċoinne mo ċéim ġleus siad líon, Ċrom m’anam sios go lár. Sloċt reoṁam ṫoċladar a’s ṫuit, Iad‐féin san log do rinn;

7 Is gléusta mo ċroiḋe ’s gléusda a Ḋe, Ḋuit cánfad molaḋ binn.

8 Mosgail mo ġlóirse ṡaltair fós, A ċlársuiġ duis’g gan ċáird; Air maidin muisgil féin go moċ, A’s seinneam ceól go hárd.

9 Dia measg an ṗobuil molfad ṫú, Ḋuit ċánfad ’measg an csluaġ:

10 Oir t’fírinn a’s do ṫrócáre ṁór, Go neaṁ na néul do ċuaiḋ.

11 Arduiġṫir ṫúsa ’Ḋia na ḃfeart, Os cionn ard‐neaṁ na spéur: A’s tógṫar suas do ġlóir go hárd, Os cionn gaċ tír go léir.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ