Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 56 - Psalma Ḋaiḃí 1836


LVI Psalm.

1 Ormsa dean ioċt a Ḋe, na ngrás, Oir ṡluigfiḋ naṁ’d me suas; A ta go dian dom ṡárúġaḋ, Gaċ la le cogaḋ cruaiḋe.

2 Seaḋ b’áil le m’eascárdiḃ gan ioċt, Mo ṡlugaḋ suas gaċ lá; ’S ro lionṁur iad, ta cogaḋ leam, Gan aḋḃar na cionfáṫ.

3 A laeṫiḃ m’eagal earḃaim ort, Ó ṫusa Rí is árd:

4 Ard‐ṁolfuiḋ me agus a nDia, Ċuirim mo ḋóiġ go bráṫ. Ní ġeóḃ’ me faitċios uime sin, As go bráċ ni heagal leam; Na ḟeadas féoil a ḋeanaṁ orm, Dod olc, le imirt ṫeann.

5 Mo ḃriaṫra taid da ḃfásgaḋ fós. Gáċ la mar is toil leó; Ċum doilġíos agus doċair ḋaṁ. Ta smuainte san gaċ ló.

6 Ta siad le ċéile a cruinniuġaḋ, A’s iad da ḃfolaċ féin; A ḃfeiṫeaṁ m’anma, air mbeiṫ ḋóiḃ, A cóṁairiuġaḋ mo ċéim.

7 An raċuiḋ siad as mar sin saor, Le urċóid ṁór gan taṁ? A d’ḟeirgse leag an pobal síos, A Ṫiġearna led’ laiṁ.

8 Mo ṡeaċrán air an aireaṁ leat, Ad ḃuideall taisg mo ḋeor; Naċ ḃfuilid an do leaḃar féin, Air cuiṁne fós gaċ buair.

9 Mo naiṁde fillfiġear air a nais, Traṫ ġáirfead ort go teann: Is aiṫne ḋaṁsa so go beaċt, Oir ta Iehoḃah leam.

10 A nDia a ḃriaṫra molfa me, Molfad a nDia a reaċt;

11 A’s ansa Tiġearna go tréun, Mo ḋóċus tá go beaċt. Is air an aḋḃar úd a Ḋe, Ni ḃeiṫ ean eagla ḋam; Na ḃfeadas duine ḋeanaṁ leam, Naċ ḃfuil e féin aċ fann.

12 Do ṁóide taid ormsa a Ḋe, Is iocuim duitsa clúḋ;

13 Oir m’anam boċt go saor ón mbás, Go grás’ṁuil dfuasguil tú. Naċ sáorfa tu mo ċosa fós, O ṡleaṁnuġaḋ nís mó? A ċum go ngluaisfinn láṫair Dé, A solus ḋáoineaḋ beó.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ