Psailm 55 - Psalma Ḋaiḃí 1836LV Psalm. 1 Taḃair éisteaċt dam ġuiḋe a Ḋé, ’S mo ġearán na diultuiġ féin; 2 Taḃair aire a’s éist me ta cáoiḋ, Le brón ’s le fuaim ro ġéur. 3 Air son ġuṫ m’eascárde go léir, A’s fóirneart fós na ndaoiḋ: Oir olc a ṫeilg siad orm, a ḃfeirg, Ḋaṁ ṫug siad fuaṫ gan díṫ. 4 Mo ċroiḋe am ċúm ta cráiḋte goirt’, Ṫuit oramsa eagla ḃáis; 5 Criṫ agus uaḋḃás ṫáinic orm, Ga’m ṡlugaḋ ’s me a nguais. 6 Ansoin duḃairt, is truaġ náċ raiḃ, Sgiaṫ ċoluim agam anois; An sin ṫeiṫfin ag eitealúiġ, Agus ġeóḃain suaiṁneas. 7 Féuċ raċfain fós air ṡeaċran ḟad, Ċum sgíṫ a ḃfásaċ ċruaiḋ; 8 A’s ḋeanfuinn deiṫnios le ḋul as, O ḋoinnean garḃ na ngaoiṫ. 9 Ḋia sgoilt a’s sgrios ’dteangṫa oir ċím, ’S an mbaile fóirneart ṁór: 10 Taid dul a mballuiḃ oiḋce a’s la, Ta aṁleas ann a’s brónn. 11 Eagcóir ro ṁór a’s olc a ta, Na meaḋoin sin gan ċeist: Seaḋ feall ó na sráidiḃ a’s cealg, Ni ḋealúiġion sud gan feasd. 12 Ni he mo náṁ’d tug maslaḋ ḋaṁ, D’fuilingfin sin go réiḋ: ’S ni e fear m’fuaṫ a deiriġ rium, Oir raċfuinn uaiḋ me féin. 13 Aċ ṫusa, fear is cuailluiḋe ḋaṁ, Fear m’eóluis a’s fear m’iúil; 14 Buḋ ḃlasda ar ccóṁairl ’dol le cáċ, Go hárus Dé na ndúl. 15 Sealḃ gaḃaḋ orra an bás go grad, Go hifrionn ṫeiḋ siad beó: Oir aingiḋeaċt na ċóṁnuiḋe ta, Na meaḋuin sud gaċ ló. 16 Aċ mise gláoiḋfiḋ‐me air Ḋia, Saorfuiḋ Iehóḃah me; 17 Glaoḋ árd a’s urnuiġ ġniḋ me ris, Moċ, feasgair ’sa meaḋuin lae. 18 A’s cluinfiġ se go grad mo ġlaoiḋ, M’anam se ṡaor a síṫ; Ón ccaṫ ’s on ccóṁrac d’eiriġ rium, Tráṫ ṡáruiġ móran mé. 19 Cluinfiḋ an Dia ta láidir beó, ’S ḃeir doruing orra a’s pian; Seaḋ fós a nDia air marṫuin ta, ’S a ḃí o ċian na ccian. Is air an aḋḃar fós naċ ḃfuil, Claoċlaḋ air biṫ na stáid: Eagla an Tiġearna uime sin, Do ṫeilg siad dioḃ air fad. 20 A laṁ do ṡín an aġuiḋ súd, A ḃi a sioṫċáin ris: A ċonnraḋ is a nasgaḋ ḋluiṫ, Go fealltaċ orra ḃris. 21 Buḋ ṡleiṁne briaṫra ḃéil na ím, Aċ cogaḋ cruaiḋe a mian: Buḋ ḃlaiṫe a ccaint na olla ṫlaiṫ, Giḋeaḋ buḋ ċloiḋ’ṁṫe dian. 22 Aċ teilg do ċúram trom air Ḋia, ’Se ġníḋ do ċongṁáil suas: Ni léigfiḋ ċoiḋċe an fíréun cóir, Ó n’ ṡioṫċáin féin a nguais. 23 Aċ ṫusa féin a Rí na ḃfeart, A d’ ḟeirge ċeirt a Ḋé; A sloċd da milleaḋ, teilgfiġ tu, An ḃúiḋean úd gan ḃéus: Na daoine cealgaċ fuilteaċ claon, Ni ṁairfiġ leaṫ a ré: Aċ ionadsa a Ḋé na slóiġ, Mo ḋóċas cuirfiġ mé. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society