Psailm 54 - Psalma Ḋaiḃí 1836LIV Psalm. 1 Tre d’ainm teaguisg mise, a Ḋia, Dean cóṁṫrom riom léd’ neart; 2 Éist m’uirniḋe taḃair fa ndear a Ḋe, Briaṫra mo ḃéil go ceart. 3 Oir d’eiriġ coigcríċe ’m’aġuiḋ suas, Loċt fóirneirt ta go dian; A dtóir air m’anam sin níor ċuir, Siad Dia na ccóṁair riaṁ. 4 Aċ féuċ, se Dia m’fear caḃarṫa, Mo ṡeasaṁ an ’sgaċ crua’s; Biḋean Iehoḃa ris a ndreám, A ċongṁas m’anam suas. 5 Aiṁleas dom naiṁdiḃ díolfuiḋ Dia, Ad ḟírinn dean an sgaṫ; 6 Go toileaṁuil ḃéarfad ioḋbairt duit, Ḋe, molfad ṫ’áinm do ġnáṫ. 7 Oir rín se sáorsa ’s fuasglaḋ ḋaṁ, O m’uile ḃrón go tréun: Ionus go ḃfeacaḋ me mo ṁiann, Air m’eascáirdiḃ go léir. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society