Psailm 53 - Psalma Ḋaiḃí 1836LIII Psalm. 1 Iona ċroiḋe deir an tamadán, Ni ḃfuil ann Dia air biṫ: ’Taid truailliḋe gráineaṁuil ’na loċt: Ni ḃfuil ann neaċ ġniḋ maiṫ. 2 D’aṁairc an Tiġearna ó neaṁ, Air ċloinn na ndaoine ’nuas; Féaċuinn an raiḃ tuicse ag neaċ, A diarrfaḋ Dia na ngrás. 3 Oir ċuaiḋ gaċ aon dioḃ air a nais, Ro ṫruailliḋe iad go léir; Ní ḃfuil aonneaċ a ḋeanaḋ maiṫ, Ni ḃfuil aoinncaċ fán spéir. 4 Ḃfuil ag na ciontuiḃ tuicse air biṫ? Ta ’g iṫeaḋ suas go dian; Mo ṗobalsa mar arán blasd’, ’S naċ ḃfuil a gárm air Ḋia. 5 An sin do ġaḃadar eagla mór, ’S gan aḋḃar eagla ann: Spréiḋ Dia a ċnaṁasan o ċéil’, Do ċampuiġ ort go teann. Is mar an ccéadna ċuir tu iad, Gur lasaḋ a ngruaiḋ le náir’; Do ḃríġ go ndearnuis orrṫa a Ḋia, Trom‐ṁaslaḋ agas táir. 6 Se so mo ġuiḋe á’s m’aṫċuinge, Go ttuguiḋe Dia na ḃfeart; Coḃair da ṗobal Israel, A Sion féin le neart. An traṫ ḃeir Dia ár ais o ḃruid, A ṗobal féin le ċéil’; Air Iacob bion aoiḃneas mór, A’s aiteas air Israél. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society