Psailm 52 - Psalma Ḋaiḃí 1836LII Psalm. 1 Creud fá ndeanair, a ġaisgiḋ ṫréin, Uaill as an olc go mór? Mairfiġ go bráċ air feaḋ gaċ lá, Deaġ‐ṁaiṫeas ríg na nglóír. 2 Do ṫeanga ṫionsguin aiṁleas claon, Ċum ceilg mur ealtuin ġéar; 3 Is annsa leat an tolc na’n ṁaiṫ, A’s bréuga na briaṫra fíor. 4 ’Ṫeanga ċealguiḋ is ionṁuin leat, Gaċ focal mílteaċ olc; 5 Ġniḋ Dia go síorruiḋe mar an ccéadn’, Lan‐sgrios a ṫarruing ort. Sgaṫfuiġear ṫu ’maċ as do ṫeaċ, Grad‐spionfar ṫu go tur; A ttalaṁ is a ttir na mbeó, Beanfuiḋ do ḟreaṁ as bun. 6 Súd ċí an fíréun a’s gaḃuiḋ sgáṫ, A’s ġniḋ se gáire fós; 7 Féuċ so an fear nár ḋóiġ a nDia, Mar ḋaingion a’s mar ṫreóir. Aċ, a niomad a saiḋḃris ṁóir, A ḋóċus ċuir go tréun; ’Naingiḋeaċt a’s ’nna ṁáoin le ċéil’, Do neartuiġ se e féin. 8 Aċ mise mar ċrann oluiḃ ta, A nárus Dé do ġnáṫ; A cur mo ḋóċuis ann a ġrás, Le fad mo ré ’s mo lá. 9 Go síorruiḋe suṫuin moluim ṫu, Do ḃriġ a ndearnaḋ leat; Feiṫeaṁ ár d’ainm oir ta se maiṫ, Laṫair do náoiṁ go hait. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society