Psailm 49 - Psalma Ḋaiḃí 1836XLIX Psalm. 1 Eistiḋe a ṗobuil uile so, Da ḃfuil san ccruinne ċé; 2 A’s cluinniḋe idir ṁór a’s ḃeag, Ma’s boċt no saiḋḃir é. 3 Air ṫuicse smuaineóċuiḋ mo ċroiḋe, Air ġliocas ṫig mo ḃéul; 4 Claonfad mo ċluas ċum cosaṁlaċd, Noċtfad caint dorċ’ air ṫéid. 5 Creud fa’r b’eagal daṁ laéṫe oilc, Go ccuirfinn iad asuim; Mor‐aingiḋeaċt a’s loċt mo ṡál, Tráṫ d’iaṫ siad or’m go cruinn? 6 An drong a ċuiris ’na saiḋḃrios, A ndóċus go Han‐ṁór; A’s do ġní aiḋḃéil asta féin, A dtaoḃ an‐ṁéid a stóir. 7 ’Ḋearḃraiṫir ni ḟuaisceóluiḋ neaċ, Ó ġaḃaḋ na ó ṗéin; Ag taḃairt éiric as do Ḋia, Ni feidir leis ’na ḟéiḋm. 8 Fuasglaḋ an anma ’s luaċṁór e Fior‐ċoisgion se go beaċt; 9 Go mairiġ se go síorruiḋe beo, Ċor naċ bfeicfeaḋ truailliġeaċt. 10 Oir ċí sé fós na daoine glic, ’S an dream air dioḃáil ceill, ’S na hamuid fagḃáil toic do ċáċ, A’s fáġuil ḃáis iad féin. 11 Smuaingion siad go márfiġ a dteaċ, ’Sa ccóṁnuiḋe ’feaḋ gaċ ré, Ag taḃárt air a ḃfearann ainm, Do réir a nainme féin. 12 Giḋ an duine an urraiṁ ṁóir, Ní ṁaireann ann go buan; Aċ aṁluiġe mar an tainṁiḋ truaġ Ċum báis a ṡiuḃlas uainn. 13 A sliġe súd is éigċríonnaċt í, Taitnid an‐ċaint re’n slioċt. 14 Mar ċaoiriḋe dul a nuaiġ ta siad, Na mbiaḋ don ḃás gan ioċt. Na fíréunuiḋe ġeiḃ ós a ccionn Sar‐uaċtránaċt go moċ, Sa nionad cóṁnuiḋe ann sa nuaiġ Searguiḋ a scéiṁ sa ndriuċ. 15 Ḃeir Dia do m’anam fuasglaḋ saor, O ċuṁaċt ḃáis a’s uaiġ, Oir gaḃuiḋ se me ċuige féin, Dam ṫeasargain le buaiḋ. 16 A nuair a ġniṫear saiḋḃir neaċ, Na glacaḋ faitċios tú, ’S an tan a ċinneas glóir a ṫeaċ, Na cuireaḋ ortsa tnúṫ. 17 Oír a nuár ṡiuḃlas se don éug, Aonniḋ ni ḃeirean leis: San uair a ṫéiḋ se sios don uaiġ, A ġlóir ni leanan ris. 18 Seaḋ anam giḋ do ḃeannuiḋe se, An feaḋ a ḃi se beó; ’S ṫusa, ma ġniḋ tu maiṫ ḋuit féin. Ó ḋaoiniḃ ġéiḃ tu glóir. 19 Go dín a ṡinsir raċaiḋ se, Solus ni ḟaic go bráċ. 20 An duin’ a nonóir ’s e gan ċéill, Mair ainṁiḋe ġeiḃ se bás. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society