Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 41 - Psalma Ḋaiḃí 1836


XLI Psalm.

1 Is beannuiḋe an duine ḃeir go glic, Fa ndear an duine boċt; Traṫ ḃiḋean se a mbuáreaḋ ġéar, Ḃeir Dia e saor ó’n olc.

2 Ġniḋ Dia a ḋi’on sa ċuiṁdeaċ beó, Is beannuiḋe é san tír; Do ṁian a naimid mirúnaċ, Na taḃair e go síor.

3 Air leabuiḋ ṫinnis iarganuiġ, Ḃeir Dia ḋo neart a’s treóir; A leaba ġníḋ tu ḋo air fad, A nam a ṫeinnis ṁóir.

4 Duḃairt me, déun trócaire orm, A Ṫíġearna a’s a Ḋé; A’s léiġis m’anam eáslan boċt, Oir d’aġuiḋ a ṗeacuiḋ mé.

5 Tán dream‐soin uile is naṁuid daṁ, Ag laḃairt orm le béim; Ca huair a scriosfar n’ainmsin as, A’s raċas se don éug.

6 Ma ṫigse m’aṁarc laḃruiġ se, Caint dioṁaoineaċ gan ċéill; Ta a ċroiḋe ag cruiniuġ niṁ astíġ, Sa muiṫ a ġniḋse sgéul.

7 Sior‐ċogruid a ccluais le a ċeil’ Luċt m’fuaṫ ataid air fad; Ag smuainiuġaḋ sa cumaḋ loċt, A m’aġuiḋ fein gan stad.

8 Droċ‐ṫinneas (deir siad) ta go dlúṫ, A leanṁuin go daingean ris; Air mbeiṫ do ’nis, na luiġ go tinn, Ni éireóċuiġ se arís.

9 An fear ba ċaruid ḋilís ḋaṁ, D’air ḋoiġios gaċ niḋ b’ail; Agus d’iṫ m’arán air mo ḃord, A’m’ aġuiḋ ṫóg se ’ṡál.

10 Aċt tusa Ḋia, deun trócáre orm, A’s tóg me rís go hárd; Do ċum go dtaḃuirfin luaiġeaċt doiḃ, A’s cumann ceart gan dáil.

11 Ṫrid so is fiosraċ me go beaċt, Gur b’ionṁuin leatsa me; Air son naċ ttug mo naṁuid buaiḋ, ’S naċ ndearnaḋ leó mo ċlaoiḋ.

12 Aċt mise an mo ionraċus, ’S tu ṡeasais me do gnáṫ; A ḃfiaġnuise fós do ġnuis a Ḋé, Dom ṡocruġaḋ go bráṫ.

13 Iehoḃa Dia do ċloinn Israél, Beannuiḋe go raiḃ se féin; O aois go haois go suṫain síor, Amen agus Amen.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ