Psailm 4 - Psalma Ḋaiḃí 1836IV Psalm. 1 Ṫusa mo Ḋia mo ḟiréuntaċd, Tráṫ ġoir’mse, bíse dluiṫ; ’Stu ’dfuasguil me as cuiḃreaċ ṫeann; Déan trócair’ ’s éisd go luaṫ. 2 Ca fad, mo ġlóir a ċlann na ndáoin’, Ċum naire iompuiġios siḃ? Ag taḃairt gráḋ do ḋioṁáoineas, Air lorg na mbreug go tiuḃ? 3 Bioḋ ’guiḃse fios gur ṫoġ ar nDia Do féin an duine náoṁ’; An tan do ġoireas air leam’ ġuṫ ’Sar éisteaḋ leis mo ġláoiḋ. 4 Bioḋ eagla oruiḃ ’sna déanuiḋe olc: Lé ḃur ccroiḋe laḃruiḋe féin; Go huaigneaċ ann ḃar leabuiḋ fós Biḋ tostaċ mar an cceadn’. 5 Deaġ‐ioḋbairt ṫaitneṁaċ tuguiḋe uaiḃ, Don ḟiréuntaċt do ġnaṫ; Cuiriḋe ḃar ndóiġ san Tiġearna Dia, Ḃar muiniġin ann gaċ la. 6 Rod maiṫ, cia ḋuinne ṫaisbeanas? Ta móran ag da ráḋ; Aċ solas glan do ġnúise, Ḋé, Tóg oruinn suas do ġnáṫ. 7 ’Smo ċuir tu luaṫġair ann mo ċroiḋe, Na’n uair ta’n tarḃar páilt, No aca súd tráṫ ḃion se fíon, Air meuduġaḋ gan airc. 8 A sioṫċain luiġfiḋ me maráon, A’s codóluiḋ me le suan: O’s tusa ’ṁáin ḃeir ḋaṁ, a Ḋia Cóṁnuiḋe ta daingean buan. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society