Psailm 31 - Psalma Ḋaiḃí 1836XXXI Psalm. 1 Ionnadsa, Ḋia, ġníḋimse dóig, Naire orm na léig go bráṫ; Dean fuasglaḋ ḋaṁ ad ionracas, Ó ḃuaiḋreaḋ a’s o ċráḋ. 2 Do ċluas a m’íonnsuiḋe crom a nuas, A’s furtuiġ orm le séun; Ad’ ċarruig ḋaingean bíse ḋaṁ, ’Tiġ‐tearmonn ċum mo ḋion. 3 Óir ’stu is carruicc ḋilios ḋaṁ, A’s mo ḋaingean laidir ṫréun; A’s uime sin as uċt hainme féin, Treóruiġ a’s stiúir mo ċéim. 4 Saor as an lín a dfoluiġ siad, Bain mise ’maċ a Ḋé; Do ḃríġ gur tusa an ti ’ṁáin, Is neart ’sas treóir ḋaṁ féin. 5 A’d’ láiṁse áṁáin ’Ḋia na ndúl, Mo spiorad tiomnui’m suas; A Ḋia na firinne ’smo Ṫriaṫ, ’Stu ḟuasclas me óm ċrua’s. 6 Is fuaṫ liom iad a ḃeir fa ndear’, Na bréuga dioṁáoineaċ; Aċ mo ḋóċas a nDia na ngrás, Ċuirim go muiníneaċ. 7 Ad ṫrócair’ bí’m go haoiḃineaċ áit, Oir ṫug tu, a Ḋé, fa ndear; Mo ḃuáireaḋ a’s m’ánam a mbrón, Ḃi tusa faireaċ air. 8 Ni rinneaḋ leat mo ḋúnaḋ suas, A láṁ mo naṁud ṫréin; Ann áitiḃ fairsing ṡocruiġ tu, Mo ċosa a’s mo ċéim. 9 O ta me’ Ḋé a mubaireaḋ ṁór, Déan trócaire orm go cas; Mo ṡúile, m’ánam a’s mo ḃolg, Le brón air seargaḋ as. 10 Oir ċlaóiḋeaḋ m’anam as le brón, A’s mo ḃliaḋna le caóiḋ; Do ḃriġ mo loiċt, ċuaiḋ as mo neart, Mo ċnáṁa air na cclaóiḋ. 11 Mar ḃall maguiḋ ata me fós, Dom eascáirdiḃ go léir; Go háiriḋe do mo ċóṁarsanuiḃ, Mar ṁaslaḋ ta me féin. A’s do luċt m’éoluis fos a taim, Mar aḋḃar sgeig a’s fuaṫ; Gaċ néaċ a ċiḋeas me ’san tsráid, A teiṫeaḋ uaim go luaṫ. 12 Mar ḋuine marḃ dul as cuiṁne, Mar ṡoiġṫeaċ ḃriste taim; 13 Óir ċualaḋ toiḃeim ṁorán daóin, ’S eagal gaċ taoḃ da mbím. A m’ aġuiḋ nuair a ċruinig siad, ’Smuain mo ḃeaṫa a sgrios; 14 Aċ ionadsa a Ḋe, ċuireas mo ḋóiġ, Is tu mo Ḋiá deir mis’. 15 Ta m’aimsir a’d’ láiṁse a Ḋé, Orm furtuiġ agus fóir; Ó láṁ mo naṁud a’s on ndream, Ta ’leanṁuin orm san tóir. 16 Do ġnuis a’s d’aġuiḋ dealruiġeaḋ, Air d’óglaċ ḋileas féin; As uċt do ġrása ċarṫanuiġ, Mo ṡaoraḋ déan go tréun. 17 Na léig fuiḋ náire ṁasluiġ mé, A Ḋia, óir gairim ort; Aċ náire cuir air luċt an uilc, Bioḋ siad san uaiġ na ttosd. 18 Cuir béul na bréige ’Ḋé, na ttaṁ, Laḃras go hárdánaċ; ’Naġuiḋ na ḃfiréun go géar cruaiḋe, Ġo spídeaṁuil tarcuisneaċ. 19 Cia ṁeud an ṁaiṫ a ṫaisgis dóiḃ, D’ar eagal ṫu maraon; A’s doibriġis dod ṁuintir féin, A ḃfiaḋnuis’ ċlann na ndaóin’. 20 O uaḃar ḋaóin’ ni tu a ndíon, Fo ḋioṁaireaċt do ġnúis; A bpáilliun fós ó ċáin’ na tteang’, Ni didean dóiḃ a ccúis. 21 Go mbeannuiġṫear ar nDia go bráṫ, Oir d’foillsiġ se ḋaṁ féin; A ċáoiṁneas ċairdeaṁuil iongantaċ, A ccaiṫir laidir ṫréuin. 22 Duḃárt me am’ ḋeiṫfir ta me, Gearrṫa ód ṡúil amaċ Aċ ċualais ’nuair do ġláoiḋ me ort, Guṫ m’urnuiḋe ġearánaċ. 23 Gráḋuiġe Dia a náoiṁ air fad, Oir Dia don tréiḃ ḋíreaċ; Do ġniḋ sár‐ḋi’on, a’s diol go luaṫ, Don uaiḃreaċ ailġeasaċ. 24 Siḃse a ċuir a nDia na ngrás, Ḃur ndóċas mar is cóir; Biḋ meisneaṁuil a’s cuirfiḋ se, Neart ann ḃur ccroiḋe a’s treóir. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society