Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 30 - Psalma Ḋaiḃí 1836


XXX Psalm.

1 ’Ḋía, mólaim ṫú, óir ṫóg tu mé, M’eascar’ nior rinn ḋíom gáir;

2 Dia, mo Ṫiġearna ġlaóiḋ me riot, ’S d’fuasgalais me as táir.

3 Do ṫóg tu m’anam leat a Ḋé, Glan as a nuaiġ a nios; A’s ċoiṁeadais me saḃáilte beó Don tsloc náċ raċfuinn síos.

4 Don Tiġearna árd ceólṁar binn Seinniġ a náoṁṡluaġ féin; Re cuiṁníuġaḋ ar a náoṁṫaċt san Sgaóileaḋ a ċliuḋ a ccéin

5 Oir ’ḟearg nior ṁair aċ tamall beag, ’Na ṫrócair’ beaṫa tá; Traṫnóna fós, giḋ brón ḃíḋeann, Ṫig aóiḃneas leis an la.

6 A’m’ ṡuaiṁneas duḃras féin marso, Ní ġluaisṫear me go bráṫ;

7 Léd’ ṫrócaire ṫugais air mo ċnoc, Bun daingean fós do ġnáṫ. A Ḋé, do ċeilis orm do ġnúis, Ċuir sin a mbuaiḋreaḋ me;

8 Ḋia riot do ġláoiḋ’ a’s rinn le Dia, Mo gearan a’s mo ċáoiḋ.

9 Cia an tairḃe a’ m’fuilse, a ta, A ndiaiġ mo ċur san uaiġ; An moltar ṫusa leis an úir? A ndéanfa d’fírinn’ luaḋ?

10 Éisd riom a nois a Ḋé na ndúl, Déan trócaire orm a’s grás; A’s bíse, Ḋé’ d’fear cuduiġ liom, Tráṫ ṫarla daṁ ḃei’n sás’.

11 Mo ḃrón go ríngce ċláoċlais daṁ, A’s m’éudaċ saic maráon; D’fuasguil tu ḋiom, a’s ċrioslais me, Le haóiḃneas air gaċ táoḃ.

12 Mo ġlóir go seinnfeaḋ ḋuitsa cliuḋ, Gan me a ḃeiṫ a’m’ ṫoċt; ’Ḋia mo Ṫiġearna ḃearfad ḋuit, Mór‐ḃuiḋ’ċus o so ’maċ.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ