Psailm 3 - Psalma Ḋaiḃí 1836III Psalm. 1 Naċ lionṁar m’eascárde a Ḋia, Síor‐ḋul m’aġuiḋ gaċ la? Luċt mo ḃua’rṫa is iomad iad, Ag eirġiḋ suas do ġnaṫ. 2 Rem’ anam, ’siomḋa deir, naċ ḃfuil, Aon ċoḃair ḋo a nDia; 3 Aċt tusa fear‐tógṫa suas mo ċinn, Mo ġlóir, is tu mo sgiaṫ. 4 D’eiġṁios me féin air Ḋia rem’ ġuṫ, A’s d’éist ream as Sion naoṁ: 5 Luiġ, ċoduil agus ṁosguil me, Dia ċoṫuiġ me go cáoṁ. 6 Ni heagla liom deiċ míle sluaġ, Da ccuartuiġ’ me go buan, 7 Ṫiġearna éirge suas go luaṫ, As cuidiġe liom gaċ uain. Mo naiṁde ḃuailis air a ngial, Ḃris fiacla fós na ndáoi; 8 Tig slánúġaḋ ó Ḋia na sluaġ, A’s beannaċt oruiḃ ċaoi’. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society