Psailm 29 - Psalma Ḋaiḃí 1836XXIX Psalm. 1 Tuguiḋe a láoċra laidir tréun, Do Ṫiġearna na ḃfeart; Tuguiḋe don Tiġearna úd maráon, Glóir urruim agus neart. 2 An ġlóir is cuḃuiḋ fós dá ainm, Tuguiḋe don Dia roi‐ṫréun; Sleaċtuiġ don Tiġearna m’aráon, ’Maise’ náoṁaċta féin. 3 Ta guṫ dé air na huisgiḋiḃ, A’s fós ġníḋ Dia na nglóir; Sar ṫóirneaċ a’s suiḋean se, Ar uisg’iḃ láidir mór. 4 Guṫ an Tiġearna cóṁ’ċtaċ tá, Mór neartṁar agus tréun; Ta guṫ an Tiġearna m’aráon, Lán‐mórġalaċ ann féin. 5 Brisiġ an Ti’arna le na ġuṫ, Na céudair ata’ fás: Brisf’ear céudar Lebanoin síos, Mar ġéigín maoṫ a’s tláiṫ. 6 A’s ḃeir se orra léim go clisd, Aṁluiḋe mar ġaṁuin bó; Sliaḃ Sirion a’s Lebanon, Mar áon‐aḋarcaċ óg. 7 Sgoílfiġ Dia an dealánaċ, An fásaċ craiḋfiġ sé; 8 Seaḋ, dioṫraiṁ Chades mar an ccéadn’, ’Se Dia a ċraṫas é. 9 Ḃeir guṫ Dé fós air Eilitíḃ, Go mbéirean siad na laóġ; A’s lomuiġ súd na coilte dluiṫ, Ag creime ḃárr na ccráoḃ. Is ann a ṫeampoll náomṫa san, Cuirfiġ gaċ neaċ a ccéill; Glóir agus urruim ṁór ar nDia, Da ṁolaḋ san da réir. 10 Ta Dia na ċóṁnuiḋe air an tuil’, ’Sna ṡuiḋ go braṫ ’na ríġ; 11 Ḃéir Dia dá ṗoball neart a’s treun, Da mbeannuġaḋ le síoṫ. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society