Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 25 - Psalma Ḋaiḃí 1836


XXV Psalm.

1 ’Ṫi’arna tóguim m’anam ċuġad, Mo ḋia ta ṡuas air neaṁ; Am’ íonsuiḋe na léig aḋḃar náir Ó’m’ naiṁde ta go leaṁ.

2 Fuiḋ naire a’s ṁaslaḋ na léig neaċ, A ġnáṫas feiṫeaṁ ort: Aċ náire go raiḃ air a ndream, A ġníḋ gan aḋḃar loċt.

3 Foillsiġ, Ṫi’arna, do ṡliġṫe ḋaṁ: Ad’ ċasáin teagaisg mé,

4 A’s treóruiḋ me ad ḟirinn ġlain, ’S mo ṫeagasg déan, a Ḋé:

5 Óir ’s tu is Ti’arna ann go dearḃ, ’S tu is sláinte do ġnáṫ; Is ortsa ta me feiṫeaṁ fós, Le foiġid ṁór gaċ lá.

6 Cuiṁniġ, Ḋe, do ṫrócaire ċáoiṁ, Do ṁuintreas lán do ġráḋ: O ċian na ccian ata siad ann, San aimsir ḟad o’n lá.

7 Na cuiṁniġ peacaiḋ m’oige ḋaṁ, Na corṫa rinne me: ’Réir do ṫrócaire cuiṁniġ orm, As uċd do ġrás, a Ḋé.

8 Is maiṫ ’sas díreaċ Dia na ndúl: Is air an aḋḃar úd, Do ġniḋṫear leis na peacuiḋ truaġ A ṫeagasg annsa ród.

9 Treóróċuiġ se na ceannsuiġṫe, A mbreiṫeaṁnuis go ceart: Na daoine ceansa muinfiġ se, A sliġṫiḃ Ḋé na ḃfeart.

10 Is trócaire ’sas firinne, Slíġe ar nDé an ’sgaċ ball; Don dream a ċongṁas cunnraḋ ris, ’Snaċ léig a ṫeist air cáll.

11 Ar son h’ainme mo ċionta maiṫ, Óir ta siad mór, a Ḋé;

12 Cia hé eagluiġios Dia? san tslíġ, Ṫoġfuiġ, muínfiġ se é.

13 A seasgaireaċt ġniḋ anam taṁ, ’S lé’ na ṡlioċd le ceart an tír;

14 Ṫa rún an Ti’earna ag an dream, Eagluiġios é go fíor. A’s ġniḋṫear leis a ċunnraḋ fós, ’Ḟoillsiúġaḋ ḋóiḃ go ceart:

15 Ata mo ṡúile féin do ġnáṫ, Le Ti’arna mór na ḃfeart. Do ḃríġ go mbeirṫear leis mo ċos, Go haiṫġearr as an rib;

16 Fill ċugam ’s déan trócaire orm, Am’ aonar taim san ttrip.

17 Ṫa Lot mo ċróiḋe ag dul a méad, Sáor me om aṁgar géur;

18 Aṁairc mo ṗéin a’s m’anacar, ’S mo ṗeacuiḋe maiṫ go léir.

19 Mo naiṁ’d fuaṫfar taḃair fa ndear. Oir táid ro lionṁair ann; Fuaṫ niṁneaċ ċum foiréigin; Ta aca ḋaṁ náċ gann.

20 ’Ḋia, fair m’anam, a’s fortuiġ orm, A Ḋia na nairiġ me; Mo ḋóċas uile leigim ort, Do ḃríġ gur tu mo Ḋia.

21 ’Nis déanuiġ ionracus a’s ceart, Mo ḋi’n a’s m’feiṫeaṁ ort;

22 Ḋia fuasguil air ċlainn Isaréil, Ó’n uile aṁgar ġoirt.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ