Psailm 23 - Psalma Ḋaiḃí 1836XXIII Psalm. 1 Is é Dia féin is áoḋaire ḋaṁ, Aon easḃuiḋ orm ni ḃíaiḋ. 2 Do ḃeir se orm go luiġím sios, A ninḃir ḟéir ṁínlíġ: A’s fós re taoḃ na nuisgeaḋuiḋ, Ag siuḃal sios go mall, Ata se do mo ṫreóruġaḋ, Go mín réiḋ ann ’sgaċ ball. 3 Aiseógair m’anam ḋaṁ air ais: Treoroċuiġ se mo ċéim A sliġe ġlan na fíréuntaċt, Do ḃriġ ḋeaġ‐anma féin. 4 Seaḋ fós, da siuḃlóċuin eaḋon ṫríd, Glean ḋorċa sgáil’ an ḃáis, Aon olc na urċóid ṫeaċt oram, Ni heagal liom ’sní cás; Do ḃriġ go ḃfuil tu leam do ġnáṫ; Do lorg ’sdo ṁaide tréun, Atáid ag taḃárt cóṁḟurtaċt A’s fuasglaḋ ḋaṁ a m’ḟeiḋm. 5 Gléusfa tu bórd a raḋárc mo nam’d: Le hola d’úng mo ċeann; A taosgaḋ ta mo ċupán fós, Ag meud an lainn tá ann. 6 Aċ leanfuiḋ maiṫ a’s trócair diom, A’n ḟaid a ḃias me beó; A’s cóṁnoċad a náras Dé, Air feaḋ mo ré, ’smo ló. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society