Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 2 - Psalma Ḋaiḃí 1836


II Psalm.

1 Cionas fa’r ġaḃ na geinte buil’, ’S fa’r ċruinniġdís na slóiġ, ’Sar smuainiġdis air ḋioṁáoineas, Naċ ḃfonfuiḋ ċoíḋċe ḋóiḃ?

2 Ríġṫe na talṁan d’eiriġ suas, ’S Riaġlóiriḋe móra tréun; ’Naġuiḋ an Tiġearna ċóṁárliġeadar; ’Sa naġuiḋ áon‐ungṫa féin.

3 Briseam o ċéile a ccuiḃreaċa, (A duḃradar gaċ áon,) Gaċ ceangal dar mian iaṫaḋ or’nn, Teilgeamáoid uile ḋinn.

4 An te ata ’sna flaiṫis ṡuas, Do ġniḋse gáire fúiṫ’; Mar aḋḃar maguiḋ bei’d do ṡiór Ag Tiġearna na síoṫ.

5 Laḃroċuiḋ se le briaṫruiḃ borb Le corruiḋe ṁóir go garg; A’s craḋfuiġ se an ḃuiḋean ṫruaġ, Le lasraċ a’s le feirg.

6 Gíḋeaḋ do hungaḋ leam mo riġ ’Na uaċd’rán buaḋṁar cáoiṁ; Agus ċuir me é na ṡuiḋe suas Air Ṡion, mo ċnoc naoṁ’.

7 An reaċd úd, leam go ḃfoillseoċar; ’Deir an Tiġearna rium, Is tu mo ṁacsa; la so ’niuġ Do gineaḋ ṫusa liom.

8 Iarr orm, ’smar oiġreaċd ḃearfad duit, Na geinte uile ’sa sluaġ; A’s ḃéara me ḋuit mar ṡeilḃ ṡáor, Críoċa na cruinne buan.

9 Gniḋṫear le slait don iaran ċruaiḋ, Go luaṫ a mbriseaḋ leat; Na’ mbloḋuiḃ beaga prontar iad, Mar ṡoiġṫeaċ criaḋ led neart.

10 A riġṫe, uimesin, anois, Bioḋ siḃse glic go léir; A ḃreaṫaṁuin na talṁan fós, Glacuiḋse teagasg géur.

11 Don Tiġearna Iehoḃa tréun, Foġnuiḋse ḋó go ceart, Le creaṫuiḃ a’s le luaṫġáriḋe, Do Ṫiġearna na ḃfeart.

12 A ḋáoine póguiḋe uile an mac! ’Nois tuguiḋe ḋósan póg D’eagla go lasaḋ ḟeirg san suas, D’ar mileaḋ annsa ród. An tan do ḃiḋean corruiḋe air Ag lasaḋ beag da luiġead. ’S beannuiḋe an dreamsoin uile fós Ḋóiġeas ann le foiġid.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ