Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 150 - Psalma Ḋaiḃí 1836


CL Psalm.

1 Moluiiḋse Dia a nionad naoṁ’ Moluiḋse Dia go mór; A speuruiḃ ard a ċuṁaċta san, Ard‐ṁoluiḋ e le cóir.

2 Ar son a ġnioṁarṫa ro ṫréun, Moluiḋ Dia na ndúl; ’Réir ḟeuḃas fos a ṁorḋaċt féin, Sinniġ a ġloir go húṁal.

3 Le fuaim an ḃuaḃuil moluiḋe é, Móluiḋe Dia go binn; Le clarsuiġ a’s áḋḃaḋ ciuil, ’Sle hinnil teudaḋ caoil.

4 Moluiġ e leis an dtabuir mbig, A’s leis an bpíob maraon; Leis an orgán tógaiġ a ċlúḋ, A’s le hinneal suairc na dtéad.

5 Air ġoṫaiḃ árda na ḃfeadán, Moluiġ‐se Dia gan taṁ; Air feadán fós an goṫa ċaoil, Moluiġse Dia gan stad.

6 Gaċ uile ḋuil san ḃiṫ ta beó, Dá ḃfuil an deo na ccre; Ard‐ṁolaḋ siadsean Dia go mór, Moluiḋ Iehoḃah a bpré.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ