Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 145 - Psalma Ḋaiḃí 1836


CXLV Psalm.

1 Ardóċad ṫu mo Ḋia ’s mo riġ, Beinneoċad d’ainm go bráċ.

2 Dod’ ainm‐se feasda ḃearfad clúḋ, Ardóċad tu gaċ lá.

3 Ṫa Iehoḃa, mór ionṁolta, Arraċta Dia go mór; Cia m’feidir meud, a ṁorḋálaċta, Do ċuartuġaḋ go leór.

4 Molfuiġ gaċ neaċ do ġníoṁarṫa, Don ál a ṫig na ndíaiġ; A’s d’oibre ċuṁaċtaċa fós, Síor‐ċuirfior leo a ccéill.

5 Onóir do ṁorḋaċt ġlórṁar féin, Cuirfead a ccéill go beaċt; Air d’oibriḃ iongantaċ go léir, Luaiḋfead a Ḋe na ḃfeart.

6 Luaiḋfiḋ daoine oile do neart, ’S do bearta uaṫḃasaċ; A’s mise foillseoċad go mór, Do ṁórḋaċt iongantaċ.

7 Cuirfiġṫear leo a ccéill go tiuġ, Iomráḋ do ṁaṫuis ṁóir; D’fíréuntaċt glan a’s d’ionracas, Molfuid go binn le ceol.

8 T’an Ti’arna ro ġrásaṁuil caoin, A’s lán do ṫruaiġe ṁór; Ata se mal ċum feirge fós, A’s trócaireaċ go leór.

9 Is maiṫ Iehoḃa do gaċ dúil, Ta’ ṫrocaire caoiṁ a’s beaċt; Ós cion gaċ obair agus gnioṁ, Ta déanta leis re neart.

10 Ḋia molfuiḋ t’oibre ṫu air fad, Led’ naoiṁiḃ molfar ṫu;

11 Air ġlóir do rioġaċta buaiḋ siad, Innsid do neart le clúḋ.

12 Do ċur a ḃearta coṁaċtaċ, Anuill do ċlann na ndaóin; Go ḃfuil a rioġaċt lán do ġlóir, Is do ṁorḋaċt maraon.

13 Do rioġaċt féin a’s rioġaċt í, Ta sióiruiḋe buan go beaċt; A’s mairfiġ d’uaċtaranaċt go bráċ, Air feaḋ gaċ ail le ṫeaċt.

14 Congḃaiḋ Iehoḃa suas le neart, An dream ta tuitim síos; San dream ta claonaḋ ċum an láir, Toguiġ a nairde rís.

15 Ta súil gaċ beo ag feiṫioṁ órt, Ḃeir tu ḋoiḃ biaḋ nna ttráṫ; Air fosglaḋ suas do láṁa ḋuit, Geiḃ gaċ dúil a ṡáiṫ.

16 Ta súile fós gaċ duil san mbiṫ, A feiteaṁ ort a ríġ; Is ta tu an sna tráṫuiḃ ceart, A taḃairt ḋóib a mbíḋ.

17 Ata tu ann do toirḃeartas, Fosglaḋ do laṁa go mór; Is mian gaċ creatuir beo air biṫ, Sásuiġṫior leat go leór.

18 Ta Dia ann uile ṡliġṫiḃ ceart, Naoṁṫa an uile ġnioṁ; Is dlúiġ Dia don ṁeid a ġairmios air, Seaḋ, ġairios air go fíor.

19 Deaġ‐ṁian gaċ neaċ dar eagal é, Cóiṁlionuiḋ se gan tearc; A’s eistiġ se‐sean fos rén’ nglaoiḋ, A’s saoran iad na nairc.

20 An dream ta ṫaḃairt gráḋ do Ḋia, Ḋóiḃ ġníḋ tearmann ḋeas; Aċ fos na peacuiḋe olc go léir, Do ġniḋ se fein a sgrios.

21 Ag luaḋ air ċlúd Iehoḃa ṫréin, Laḃraḋ mo ḃeul do ġnaṫ; Áinm naoṁṫa, beannuiġeaḋ gaċ ḟeóil, Go siórruiḋe buan go bráċ.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ