Psailm 144 - Psalma Ḋaiḃí 1836CXLIV Psalm. 1 Go ma beannuiḋe an Ti’arna Dia, Mo ċarraig a’s mo ṫreóir; Mo laṁa ṫeaguisgeas ċum caṫ’, ’S ċum cóṁraic maiṫ mo ṁeóir. 2 Mo ṁaiṫ, mo ḋí’on, ’s mo ḋaingion aird, Mo slánuiġṫeóir, ’s mo sgiaṫ; ’S e ċeannsuiġios mo ḋaoine féin, Mo ṁuinín is mo Ḋia. 3 Ḋia, cia an duine, da ḃfuil tu? A gaḃail eoluis air; No cread e mac an duine fós, D’a ttugais é fa ndear. 4 Is cosṁuil e le dioṁaoineas, Ata gan ṁaiṫ na dóiġ; A laeṫe dul uaḋ, mar an sgáil, Ag ealoġ mar an cceó. 5 O lúb, a Ḋia, do ḟlaiṫios árd, Tair féin gan dáil anuas; Bain ris na sleiḃtiḃ, le do neart, Is uaṫ’ ṫeid deataċ suas. 6 Teilg uat amaċ do ṫinteaċ ruaḋ, A’s spréiḋ iad súd air fad; A’s teilg amaċ do ṡaiġde géur, A’s claoiḋtear iad go grad. 7 Sín uait do laṁ as d’ionad ard, Saor me a’s fuasgail orm; O uisgiḃ laidre, ḋiana, treun, Is o laiṁ na ccoigcrioċ mborb. 8 An drong d’a ḃfuil a mbeal a tráċt, Air ḋioṁaoineas gaċ ló; A ndeas‐laṁ sud, is braic‐ḋeas i, Lán do ṁeall a’s do ġo. 9 Ḋuit sinnim aḃran nuaḋ a Ḋe, Sinn air an psaltur ġrinn; Air inneil ciúil na ndeiċ dtéud, Ḋuit sinnim molaḋ binn. 10 ’Se Dia a ḃeir do riġṫiḃ mór, Sláinte a’s buaiḋ go tréun; Se ṡaoras Dáiḃi oglaċ ċaoiṁ, Ó’n cclaoiḋiṁ ṁillteaċ ġéur. 11 Saor me a’s fuasgail orm ó láiṁ, Na nioċt, ta coiṁṫiġeaċ; A ḃfuil a mbéul lann do dioṁaoinis, ’Sa mdeas‐laṁ, lán d’eiteaċ. 12 Ċum go mbeiṫ á mic a fás, Mar úr‐ċrainn suas go hóg; ’S ar ninġíona mar ċloċa cuinn, Snoiġte mar ṗalais ṁoir. 13 Ar sgiobóil lán do nuile lón, Go mbéiṫ ar ttréad a breiṫ; Na mílte, seaḋ, na mílte fós, ’Nar sráidiḃ féin fá leiṫ. 14 Ar ndaiṁ ċum oibre feolṁar calm, Gan briseaḋ maċ na ’steaċ; Do ċum’ nnar sráidiḃ fos naċ mbioḋ, Guṫ, caoi na gearanaċ. 15 ’S beannuiḋe an pobal sin a ta, San ninṁe so go beaċt; ’S beannuiḋe an pobal fos d’a ḃfuil, An Triaṫ na Ḋia go ceart. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society