Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -

Psailm 141 - Psalma Ḋaiḃí 1836


CXLI Psalm.

1 Do ġlaoḋas ċuġad a Ḋia na ngrás, Luaṫuiġ dom ionsuiḋe féin; Agus taḃair éisteaċt dom ġuṫ, Traṫ éiġim ort a’m’ ḟeiḋm.

2 A’d’ laṫair raċuiḋ m’úrnuiḋe suas, Mar ṫúis ro ċúṁruiḋ úr; A’s tógḃáil suas mo láṁ go raiḃ, Mar ioḋbairt ḟeasgair ṁúir.

3 Cuir faire air mo ḃeul, a Ḋia! Doras mo ṗusa gléiḋ.

4 Cuim droiċḃeart na ċuim olc air biṫ, Na claon mo ċroiḋe a Ḋé. D’eagla le luċt na haingiḋeaċt, Go ccuirfinn olc a ngníoṁ; Giḋ milis blasda a soġ ’sa ngléus, Nár iṫid aon ġuib díoḃ.

5 Buaileaḋ an fíréun me le smaċt, Glacfuiġ me sin go caoṁ; Geáḃa me uaḋ an ṫaċṁusán, Mar ola mórluaiġe maoṫ. Ni ḃrisfiḋ an bualaḋ úd mo ċeann, Oir fos ṫeid m’úrnuiḋe suas; Traṫ ḃios ġinealaċ úd go truaġ, A naṁgar ċruaiḋe a nguas.

6 Traṫ ṫeilgṫear sios ar ċloċuiḃ ċruaiḋ, A mbreiṫeaṁuin go léir; Seaḋ ċluinfiḋ siad, oir ’s milis binn. Deaġ ḃriaṫra grinn mo ḃéil.

7 Ar ccnaṁa fos ag beul na huaiġ, Do sgaoileaḋ leo go tárr; Mar geairar a’s mar sgoiltear floḋ, Na spealtuiḃ air a lár.

8 Aċt ta mo ṡuile riotsa suas, Iehóḃa Ḋia na ḃfeart; Na fágsa m’anam boċt gan treóir, ’S tu féin mo doiġ a’s mo neart.

9 O cosain me on rib a Ḋé, A ċúir siad ċum mo sgrios; Is ó liontuiḃ luċt na haingiḋeaċt, A d’foluiġ iad gan ḟios.

10 Aċ tuitfiḋ luċt na haingiḋeaċt, Annsna liontuiḃ rinneaḋ leo; An feaḋ ḃios mise gaḃail ṫort, ’S a téarnaḋ asta beo.

A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.

British & Foreign Bible Society
ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:



ကြော်ငြာတွေ