Psailm 135 - Psalma Ḋaiḃí 1836CXXXV Psalm. 1 Moluiḋse Dia ard‐ṁoluiḋe fos, Deaġ‐ainm Iehóḃa ṫréin; A’s tugaiḋe clúḋ a’s molaḋ ḋo, Ṡearḃo’ntaiḋe Dé go leir. 2 O siḃse ta air seasaṁ fós, A ttig Iehoḃa ṁóir; A bpaláis aluinn tiġ ar nDia, Molúiḋe e mar is cóir. 3 Moluiḋe an Tiġearna, do ḃrioġ, Go ḃfuil se maiṫ gaċ re; Da ainm‐sean sinniḋe molaḋ ait, Oir ’sniḋ ro ṫlaċtṁar e. 4 Oir Iacoḃ fos do roġnuiġ Dia, ’Na ṫrocaire ṁór ḋo féin; Do féin mar ionṁas a’s mar ṡeilḃ, Do ṫoġ se Isarael. 5 Oir is feasaċ me, sas deiṁin leam, Go ḃfuil Iehoḃa mór; Go ḃfuil an Ṫiġearna maraon, Ó’s cionn gaċ Dia a nglóir. 6 Gaċ uile niḋ ba roġuin leis, Rinn Dia air neaṁ na spéur; Air talam ’s annsna fairgioḃ mór, ’S annsna doiṁniḃ go léir. 7 Na deatuiġe togḃuiġ seision suas, O iomal na huire ṡíos; Tinnteaċ do ġniḋ ċum fearṫanna, ’S gáoṫ as a stór gaċ míos. 8 Gaċ ceidġin annsa nEgiṗt ḃi, Do buaileaḋ leis go trom; Do ḋaoiniḃ a’s do ainṁiḋiḃ fós, Ḃi ag imṫeaċd air a ḃfonn. 9 O Eigiṗt! ċuir se coṁarṫa, Is miorbuilte le ċéil; Ad ṁeoḋuin fein; air Ṗaráoh fós, ’S ar ṡearḃfo’ntuiḃ go léir. 10 Na cinniḋe líonṁar claoiḋeaḋ leis, Ṁairḃ riġṫe cuṁaċtaċ. 11 Do ċlaoiḋead Og riġ Ḃasan fós, Sihon riġ Namoriteaċ. Gaċ uile rioġaċt mar an ccéadn’, Go líonṁur ḃi siad ann; Do sgriosaḋ as do milleaḋ leis, D’a raiḃ a ttír Chanáan. 12 A ḃfonn ’s a ḃfearann sud air fad, Mar oiġreaċt ṫioḋlaic sé; Mar oiġreaċt do ċlainn Isarael, A ṗobal dilios féin. 13 Ta d’ainm a Ṫi’arna mor na bḟeart, Buan‐ṁarṫanaċ do ġnaṫ; Ta t’iomraḋ buan air cuiṁn’ a Ḋé, O linn go linn ’s go bráṫ. 14 Oir air a ṗobal féin ġniḋ Dia, Ceart‐ḃreiṫeaṁnas go ceart; A’s gaḃuiġ seisean aiṫreaċas, Ttaob ogluiġiḃ go beaċt. 15 Ioḋail na ccinneaċ cúmṫa d’or, ’S don airgiod glas maraon; A’s ni’l ionnta, aċ dioṁaoineas, Rineaḋ le laṁuiḃ daon. 16 Ta aca béul gan laḃart ann, A’s suile leis naċ léar. 17 Taid cluasa ’co ’s ni ċluinid leó, Sgan anál ta a mbéul. 18 An ṁuintir ta da ndealḃaḋ súd, Taid féin ro ċosṁuil leo; Is aṁluiḋe ta gaċ uile neaċ, Ċuireas annta dóiġ. 19 O beannuiḋe Iehoḃa mór, A ṫeaġluiḋe Isarael; ’S a ṫeaġluiḋe Áruin, beannuiḋe, An Tiġearna le ċéil. 20 O ṫeaġlaiċ Leḃi beannuiḋe, A’s tuguiḋe clúḋ do Ḋia; Siḃse d’ar eagal Dia maraon, Mor‐ḃeannuiḋe an Triaṫ. 21 As Sion beannuiḋe go raiḃ Dia, D’a ḃfuil a ccoṁnuiḋe buan; A ccaṫair naoṁṫa Ierusalem, Moluiḋse Dia gaċ uair. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society