Psailm 132 - Psalma Ḋaiḃí 1836CXXXII Psalm. 1 Air Ḋaiḃi deansa cuiṁne, Ḋe, ’S air uile aṁgar ġéur. 2 Mur ṁionnuiġ se do Ḋia, a’s ṁoid, Do Ḋia úd Iacoib ṫréin. 3 Dom ṫiġ ni raċad féin asteaċ, Na air mo leabuiḋ suas. 4 Ni léigfead codlaḋ do mo ṡuil Na do mo rosguiḃ suan. 5 Go nuig anuair a ḃfuiġ me áit, Do Ḋia Iehoḃa ṫréin; A’s ionad ċóṁnuiḋe ḃunaiteaċ, Do Ṫi’arna Iacoib féin. 6 Féuċ a gcrícċaiḃ Eṗráta, Do ċualamar an sgéul; A’s air ṁáiġiḃ na coille tiuġ, Fuaramuir e le ċéil’. 7 Aig stol a ċoise sleaċtfuiġ sinn, A nárus Ḋe na ḃfeart; 8 Eiriġ a Ḋe, ċum ṫ’ionuid ṡaiṁ, Ṫu féin, a’s airc do neart. 9 Cuṁduiġṫe ġo raiḃ dó ṡagairt‐se, Le fíréuntaċt go deas; A’s gairidis go hárd do naoiṁ, Luaṫġáir is gairdeaċas. 10 Arson d’ógluiġ roiḋilios féin, Daiḃiḋ da ttug tu buaiḋ; ’Naġuiḋ an ti do hungaḋ leat, Na cuir air ais go truaiġ. 11 Do Ḋaiḃi ṁionaiġ Dia go fíor, Uaiḋ sin ni ḟillfe se; Do ṫorraḋ do ċuirp cuirfiġ ceart, A’d’ ċaṫáoir rioġa glé. 12 Ma ġniḋ do ċlann mo ċunnraḋ ceart, A ċoiṁead a’s mo reaċt; An fiaḋa ġniḋim a ṫeagasg doiḃ, Ma ċumar leo go beaċt. A ṡlioċtsan suiḋfiġ mar an cceadn’, A’d’ ḃréasċaṫaoir go bráċ: 13 Oir do ṫoġ a’s do ḋuiliġ Dia, Síon mar ionnad táiṁ. 14 So mo ṫaṁ ’s mo ṡuaiṁneas fós, Go suṫuin a’s go síor; Ann so ġniḋ mise fardoċ dáṁ, Oir a si mo ṁian go fíor. 15 A’s beannoċad a stór go tiuġ, Sáseód a bóċt le lón. 16 Le slaint, a sagairt eadóċad, ’S a naoiṁ ġniḋ iolaċ mór. 17 Ḃearad an sin go húrṁur glas, Air aḋarc Ḋaiḃiḋ fás; A’s loċrann d’órduiġ me don ti A hungaḋ leam tre ġrás. 18 Eadóċad‐sa a naiṁde‐sean, Le náire a’s lasa gruaiḋ; Aċt air‐sion beiṫ a ċoróin féin, Ag bláṫuġ’ le mór‐ḃuaḋ. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society