Psailm 130 - Psalma Ḋaiḃí 1836CXXX Psalm. 1 As na haigéanaiḃ a Ṫiġearna, D’eiġ me ċuġad‐sa suas. 2 Ḋia cluin mo ġuṫ gan stad gan ċárd, ’S ċum m’urnaiġe crom do ċluas. 3 Ma ṫugan tu fo ndeara coir, A Ḋia cia ṡeasfas ró’t. 4 Aċt maiṫeaṁnas ta’gad go buan, Ċum go mbeiṫ eagla róṁad. 5 Re Dia ta mise feiṫeaṁ fos, Ta m’anam feiṫeaṁ ris; A’s an a ḃriaṫar fírinneaċ, Mo ḋóċas cuirfiḋ mis. 6 Ta m’anam boċt nios diṫċiolluiḋe, Aig feiṫeam Dé gaċ lá; Ná ḃios luċt faire maidne fós, Re sgaraṁuin na ttráṫ. Nios diṫċiolluiḋe a deirim fos, Na ḃfeiṫeaṁsan gan ġó; Na ḃios luċt faire an sa noiḋċ’, Re teaċt a steaċ an ló. 7 Deaġ‐ṁuiniġin san Tiġearna ṁór, Anois cuireaḋ Isaréil; Oir trócaire saor ata aig Dia, Is saoirse ṁór le ċéil. 8 D’á ṗobal Israel do ḃeir se, Coṁḟuasglaḋ réiġ go grad. O eaccóir a’s o naiṁdeanas, O ṗeacuiḋiḃ fós air fad. |
A Londain: ar na chur na gclo re Richard Watts, 1836.
British & Foreign Bible Society